Labhair Seán Ó Duibhir le Michelle Nic Grianna ar an gclár Barrscéalta faoina bhean, Sarah a bhfuil an galar Néarón Luadrach uirthi.
Dúirt Seán gur thug daoine faoi deara go raibh deacrachtaí beaga cainte ag Sarah nuair a bhí sí ar glaochanna Zoom le linn na paindéime. Shíl siad ar dtús gur fadhb a bhain le fiacla Sharah a bhí ann ach nuair a fuair siad amach nach a fiacla a bhí ann cuireadh go Baile Átha Cliath le go leor MRIs a fháil déanta.

Cé nár tugadh toradh dearfach do Sharah agus a clann ar an ngalar ach go ndeir siad go gceapfaidh siad go bhfuil an galar ach nach raibh siad iomlán cinnte de. Nuair a tugadh an nuacht sin dóibh dúirt Seán nach raibh barúil aige cad a bhí i gceist leis an ngalar. Cuireann an galar isteach ar dhaoine eile ar bhealaí éagsúla.
Faoi láthair, dúirt Seán go bhfuil an cumas cainte a bhíodh ag Sarah 'ar shiúl' agus go bhfuil sí ag baint úsáide as leabhar nótaí anois chun í féin a chur in iúl. Anuas air sin, tá deacrachtaí ag Sarah ithe agus ól ach tá sí fós in ann sin a dhéanamh le cabhair ó phíopa.
Éist leis an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine 11.02- 12.00 meánlae