Labhair máthair an ghilfeara, Leona Maguire, Breda le Michelle Nic Grianna ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina hiníon a bhfuil a hainm in airde!
Ag déanamh cur síos ar an mbua stairiúil, an chéad áit sa chomórtas LPGA a bhaint amach, deir Breda gur oibrigh Leona go dian dícheallach.
Duine ciúin, cinéalta í Leona a oibríonn go crua i ngach a dhéanann sí, a deir a máthair. Baineann sí fíorthaitneamh as a bheith ar chúrsaí gailf timpeall an domhain. Thosaigh sí ag imirt ag an Slieve Russell nuair a bhí sí deich mbliana d'aois, lena deirfiúr.

Cé nach imreoir gailf í Breda, luaigh sí gur duine mór spóirt é a fear céile, Brendan ach go bhfuil an cháil anois ar Leona, ní ar éinne eile!
Éist Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.