Anocht, Dé Máirt ag 11.25pm ar RTÉ One, leanann scéal dorcha An Bronntanas ar aghaidh agus feicfidh muid cén toradh a bhíonn ar chinneadh amháin.

Ar bronntanas gach bronntanas? Oíche stoirme tagann criú tarrthála ar lastas drugaí, luach milliún euro, bronntanas a athróidh an saol go deo orthu.

Scéinséir comhaimseartha 5 pháirt é An Bronntanas le Dara Devaney (Na Cloigne), Owen McDonnell (Killing Eve) in éineacht leis an aisteoir teilifíse agus amharclainne Meiriceánach Éireannach John Finn (Cold Case) agus go leor aisteoirí spreagúla eile.

Tá An Bronntanas suite i sráidbhaile ficseanúil in iarthar na hÉireann ag am a bhfuil an tír faoi bhrú eacnamaíochta. Tá an geilleagar áitiúil ag titim as a chéile, agus an dífhostaíocht ag rith go hard. Tá an saol crua sa gceantar seo agus ní réiteach í an inimirce a thuilleadh. Sí an fhirinne ná gurb í an Pholainnis an teanga is mó fáis sa chuid seo den domhan.

Dara Devaney in An Bronntanas

San eachtra tosaigh filleann JJ Magill (Devaney) go hÉirinn go drogallach ar chloisteáil faoi bhás a athar. Tá an mhonarcha éisc áitiúil a bhí faoi úinéireacht an t-athair anois i lámha JJ ach tá sí ar a cosa deiridh. Anuas ar seo, tá JJ agus a mhuintir páirteach le criú tarrthála áitiúil agus ar oíche stoirme tagann siad ar lastas drugaí, luach milliún euro. Bronntanas a athróidh an saol go deo orthu.

An dtugann siad na drugaí do na húdaráis nó an ndíolann siad iad ar mhaithe leis an bhaile atá ag streachailt a shábháil? Cinneadh é a athróidh a saol go deo…

Féach ar an tsraith san iomlán go dtí seo, anseo