Labhair Neasa Bheilbigh (Cathaoirleach Cyclist.ie) ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gconspóid a bhaineann leis an bplean sealadach slí rotha a chur i mBóthar na Trá i nGaillimh.
Tá scoilt ann maidir leis an bplean atá ann raon rothar a chur i mBóthar na Trá i nGaillimh; iad siúd a úsáideann rothair agus atá tógtha leis an timpeallach ag cur fáilte roimh an raon agus iad siúd a bhfuil a gcuid gnóanna acu ag rá go gcuirfidh sé bac le custaiméiri a theacht a fhad leo.

Dúirt Neasa go bhfuil fianaise ann go gcuireann raon rothar le gnó seachas a bheith ag baint ón ngnó agus gur fiú an plean seo a thriail sula ndéantar breithiúnas dá leithéid air.
Luaigh sí go bhfuil daoine ar mhaith leo taisteal ar rothar ach go bhfuil faitíos orthu sin a dhéanamh timpeall chathair na Gaillimhe mar nach bhfuil spás ann i láthair na huaire do rothaithe. Leag Neasa béim ar an raon rothar seo a bheith triallach agus go mura n-oibríonn sé go bhfuil sé i gceist é a bhaint.
I gcomparáid le háiteanna eile timpeall an domhain, deir Neasa go bhfuil 2%, céatadán fíor-íseal ann in Éirinn dóibh siúd a úsáideann a gcuid rothar le dul ar scoil, mar shampla.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5pm agus 6pm.