skip to main content

Ó bhláthanna fiáine go saol an oileánaigh le Aedín Ní Thiarnaigh

Aedín Ní Thiarnaigh
Aedín Ní Thiarnaigh

Labhair muid le láithreoir an chláir nua, Faoi Bhláth, Aedín Ní Thiarnaigh atá ag tosú ar an Luan, 14 Feabhra 7.30pm ar RTÉ ONE faoina cuid spéise i mbláthanna fiáine chomh maith leis an athrú saoil a rinne sí bogadh go hInis Meáin.

Tá aithne ag daoine ar an gcuntas Instagram Bláthanna Fiáine ach ba mhaith linn aithne níos fearr a chur ortsa anois. Cé as duit agus cad a bhí ar siúl agat go dtí seo?

Is as Inis Córthaidh, Co. Loch Garman ó dhúchas mé. I ndiaidh na scoile thugas faoi bhunchéim sa Ghaeilge agus san iriseoireacht in Ollscoil Luimnigh. Bhí suim agam ariamh sa chraoltóireacht agus i dtosach bhí mo chroí isteach sa chraoltóireacht raidió. Fiú agus mé sa mheánscoil, bhíos páirteach i gclár raidió do dhéagóirí ar South East Radio agus nuair a chuaigh mé go Luimneach chaith mé cúpla bliain ag obair le Limerick's Live 95fm leis. Ansin is dóigh go ndearna mé sórt sleaschéim isteach sna meáin dhigiteacha agus chaith mé dhá bhliain le Molscéal TG4 mar fhísiriseoir.

Éist anseo le hAedín ag caint le hÁine Ní Bhreisleáin ar an gclár Bladhaire

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Níor shamhlaigh mé ariamh go n-oibreoinn os comhair an cheamara. Ní rud é a ndeachaidh mé sa tóir air ach a thit amach trí thimpiste. An chéad bhlaiseadh a fuair mé den láithreoireacht ná mionsraith a rinne mé sa bhliain 2020 do Cúla 4 Ar Scoil faoi na bláthanna fiáine. Tháinig sé sin as mo chuid spéise sna bláthanna agus mo chuntas ar Instagram, agus is dóigh gur sin a chur ar bhóthar mo leasa mé. Tharla ansin sa bhliain 2021 go raibh fonn ar Abú Media clár a dhéanamh faoi na bláthanna fiáine agus tháinig siad trasna ormsa. Cleamhnas a shocraigh na haingil!

Cad as a spreag tú spéis i mbéaloideas agus i mbláthanna na tíre seo?

Is sna bláthanna a chuir mé spéis iontu i dtosach báire. Ní an taobh luibeolaíoch de ach na hainmneacha Gaeilge a bhí orthu. Chonacthas dom gur eochar a bhí sna hainmneacha do dhomhain iomlán eile agus léargas ceilte ar bhealach ar oidhreacht na hÉireann. Bíonn eolas sna hainmneacha Gaeilge nách ann dó sa Bhéarla in aon chor. Léithéidí 'Dréimire Mhuire’ mar shampla, a thugtar ar ‘Centaury’. Nuair a bhfeicinn ainmneacha mar sin, rachainn sa tóir ar a thuilleadh eolais i leabhair agus ar Dúchas.ie . Tarlaíonn go síolraíonn an t-ainm úd ó scéal a bhí ann gur úsáid An Mhaighdean Mhuire an bláth céanna mar dhréimire agus í ar a bealach chuig na flaitheas. Cé nach gcuirfeadh spéis ina leithéid?

An dóigh leat go bhfuil an béaloideas agus cúrsaí cultúrtha i gcoitinne ag mealladh daoine nua chun aithne níos fearr a chur ar Éirinn?

Sílim é. Ar na meáin ach go háirithe tá an-éileamh ar scéalta béaloideas agus míreanna cúltúrtha a bhaineann le hÉirinn. Go minic ansin nuair a fhaigheann daoine blaiseadh beag de, tarlaíonn an rud céanna dóibh agus a tharla dom, síos leo ann poll cóinín!

Luaigh mé an cuntas Instagram atá agat a thugann eolas ar bhláthanna na hÉireann, an raibh iontas ort go raibh an oiread spéise ag daoine sna bláthanna?

Ní raibh dáiríre, mar a dúirt mé is ábhar an-mhealltach é. Is beag duine nach gcuirfeadh spéis ann. Ach an rud is mó a thaitníonn liomsa faoin leathanach agus cuid den chúis go bhfuil ag éirí chomh maith leis ná go bhfuil sórt pobal anois cruthaithe mórthimpeall air. Iarraim ar dhaoine a gcuid cuimhní agus scéalta féin faoi na bláthanna a roinnt agus bíonn gach duine ansin ag foghlaim óna chéile. Cuidíonn sé dar ndóigh, go bhfuil cuma chomh haoibhinn, daite ar na bláthanna leis.

Cad a thug ort bogadh go hInis Meáin agus cén saghas saol atá agat ann?

Thugas faoi mháistreacht sa Bhéaloideas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath anuraidh agus is é obair pháirce dom’ thráchtas a thug go hInis Meáin mé. Bheartaigh mé ar bhéaloideas a bhailiú faoi thraidisiúin na Féile Bríde anseo agus chaitheas mí ar an oileán i mbun na hoibre sin. Ba dhraíochtúil agus cinniúnach an tréimhse dom í dáiríre. Mar sin agus an mháistreacht curtha dím ag deireadh an tSamhraigh, chinn mé ar theacht ar ais.

Is speisialta ar fad an saol atá agam anseo. Ní théann tú i dtaithí riamh ar áilleacht na háíte a bhíonn ag síorathrú le teacht agus imeacht na séasúr is na farraige. Ach thar aon ní eile, is údár mór bróid dom é a bheith chomh sáite sa phobal anseo. Bím do mo thumadh féin san fharraige leis an ngrúpa snámh, ag seinm is ag canadh i seisiún ceol an Tí Ósta gach seachtain agus táim i mo bhall de Chlub Leabhar Gaeilge atá díreach tagtha ar an saol freisin. Ní fhéadfadh tú a bheith uaigneach!

An dóigh leat gur thug an phaindéim deis do dhaoine aird a thabhairt ar na nithe ar fad atá timpeall orthu ar nós na bláthanna?

Cinnte dearfa, go háirithe mar gheall ar an moill mhór a tháinig ar roth an tsaoil. Cuireadh bac leis an ndeifir agus bhí am ag daoine le bheith ag breathnú ar araibh mórthimpeall orthu. Rud eile is dóigh ná an bogadh mór go dtí an chianobair. Thug sé sin níos mó ama do dhaoine leis. Muna bhfuil ‘commute’ dhá uair sa ló le déanamh ag daoine, is mó seans go rachaidh siad amach ag siúil agus go dtabharfaidh siad suntas do na nithe ar fad timpeall. Thar a cheann sin is dóigh gur chuir na srianta deis do dhaoine aithne níos fearr a chur ar a gceantair fhéin go ginearálta, agus na bláthanna a fhásann iontu mar chuid de sin.

Cad a fhoghlaimeoidh an lucht féachana faoi bhláthanna agus faoi Éirinn sa chlár, an gceapann tú?

Cuirfear iontas orthu tá mé cinnte! Iontas faoi na húsáidtí éagsúla ar fad ar baineadh as na bláthanna ach go háirithe. Glacaimis an fraoch mar shampla, creid é nó ná creid bhíodh daoine á úsáid le scuabanna a dhéanamh, le leapacha a líonadh agus fiú dhéantaí potaí gliomaigh as. Dochreidte ar fad. Agus ní sin ag bláth amháin!

Dá mbeadh spéis ag daoine tosú amach ag foghlaim faoi na bláthanna a fhásann timpeall orthu, cá dtosóidís?

Breathnaigh ar ‘Faoi Bhláth’ gach Luan ar RTÉ One ón 14ú Feabhra ar aghaidh! Anuas air sin, ar na meáin shóisialta tá mo chuntas Instragram féin ann dar dóigh @BlathannaFiaine ach le bheith fírinneach is deacair na leabhair mhaithe a bhuaileadh. Molaim ‘Ireland’s Wild Plants’ le Niall Mac Coitir go mór agus tá ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and Other Irish Words for Nature’ le Manchán Magan le moladh freisin. Seachas sin, cuir ceist ar do mhaimeo, do dhaideo nó do thuismitheoirí! Tá seanchas na mbláthanna go smior sna glúinte sin fós, ní fios cén saibhreas a chloisfidh tú uathu.

Tosaíonn Faoi Bhláth ar RTÉ One ag 7.30pm ar an 14 Feabhra.