Don dara bliain as a chéile, reachtálfaidh TG4, OÉ Gaillimh agus Nuacht RTÉ an cúrsa, Iriseoirí an lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais.
D'fhreastal os cionn 400 dalta ar an gcúrsa seo anuraidh. Beidh deis ag scoláirí idirbhliana tabhairt faoi chúrsa nua iriseoireachta ar líne i mbliana á mhúineadh ag plúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.
Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán Zoom idir 1-3 Márta 2022.
Glacfaidh an léitheoir nuachta le Nuacht TG4/RTÉ Eibhlín Ní Choistealbha páirt sa cheardlann ag tabhairt léargas ar an saol laethúil sna meáin. Tabharfaidh Comhfhreagraí Dlí RTÉ agus láithreoir na sraithe faisnéise Finné, ar TG4 Orla O'Donnell cuntas ar obair an iriseora sna cúirteanna coiriúla. Roinnfidh an t-iriseoir Shane Ó Curraighin ó 7Lá, TG4 a chuid scileanna agus a chuid taithí de bheith ag soláthar scéalta nuachta do chlár cúrsaí reatha. Beidh láithreoir Drivetime RTÉ Raidió a hAon, Cormac Ó hEadhra ag cur síos ar na ceisteanna crua a bhíonn aige gach tráthnóna.

Tabharfaidh Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, láithreoir an chláir Bladhaire ar RnaG agus An Cósta Thiar ar TG4 spléachadh ar obair an iriseora raidió, beidh an t-iriseoir agus léiritheoir Póilín Nic Géidigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag caint faoi scéalta áitiúla a chlúdach. Clúdóidh an t-iriseoir Méabh Ní Thuathalláin TG4 agus iar-iriseoir clóite le tuairisc.ie na dúshláin a bhaineann le scéalta a sholáthar d'ardáin ar líne. Tabharfaidh eagarthóir nuachta le Nuacht TG4 Beirní Ní Chuinn léargas de obair an eagarthóra nuachta agus an fhreagracht a bhaineann leis.
Beidh léachtóirí sna meáin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag roinnt a saineolas leis na scoláirí agus tabharfar léargas ar ghairmeacha leis na meáin ar an gcúrsa chomh maith.
Tuilleadh Eolais agus Clárú don chúrsa: Déan teagmháil le peadar@cogg.ie le léirithe spéise agus nasc clárúcháin a fháil.
Is é Dé Luain 21 Feabhra an spriocdháta le clárú