Is iad Mairéad Ní Mhaonaigh agus a hiníon, Nia Byrne atá i gcuideachta Liam Uí Mhaonlaí anocht ar Chuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rugadh agus tógadh Mairéad Ní Mhaonaigh i gceartlár Ghaeltacht Ghaoth Dobhair, i nDún na nGall. D'fhoghlaim sí a cuid amhrán agus ceoil óna hathair Proinsias Ó Maonaigh agus a máthair Cití Ní Ghallchóir.Is fidléir agus amhránaí den scoth í i stíl a ceantar dúchais, agus aithne uirthi go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta as feabhas a cuid ceoil.

Mairéad, Liam agus Nia

Bhunaigh Mairéad an banna ceoil traidisiúnta Altan lena fear céile Frankie Kennedy, nach maireann, siar sna hochtóidí, agus tá an domhan siúlta aici leis an sárghrúpa ceoil sin ó shin.Is fidléir agus amhránaí den scoth í a hiníon Nia freisin, agus tá sí ina cuideachta inniu ar a gclár seo.

Éist le Cuan an Cheoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Déardaoin ar a 7.