Sraith nua ag tosú Dé Céadaoin 2 Feabhra @ 9:30pm ar TG4
Arna scannánú i dtréimhse 12 mí ag Tua Films as Gaillimh agus á chur i láthair ag Orla O'Donnell, comhfhreagraí dlí RTÉ, is iad na daoine féin a inseoidh a scéal féin, idir mhaith agus olc ar Finné.
Seachas cuntas ginearálta a thabhairt ar imeachtaí a bhí i mbéal an phobail le 40 bliain, rachaidh Finné go domhain i scéal gach duine díobh. Caithfear súil siar ar scéalta pearsanta - faoi éachtaí agus faoi thrámaí, faoi chás an leoin agus na luiche, faoi theacht aniar agus laigí an duine. Bronnadh Gradam na Meán maidir le Ceartas Chearta an Duine agus an gradam don tSraith is Fearr ar shéasúir roimhe seo den chlár ag Féile na Meán Ceilteach.

"Gach bliain, lorgaímid scéalta nach bhfuil fiosraithe go mion i gcláracha faisnéise a rinneadh in Éirinn, ach a dtugtar léargas eile orthu trí shúile an lae inniu. Beidh cuimhne ag go leor againn ar agóid na n-éiclaochra i nGleann Dá Ghrua nó tubaiste Stardust, ach is trí bheith ag tochailt i scéalta pearsanta na 'bhfinnéithe’ a fhaighimid léargas ceart ar chomh ábhartha is atá na himeachtaí sin fós sa lá atá inniu ann." a dúirt Paddy Hayes, léiritheoir sraithe Tua Films. "Tugann Finné an t-am agus an tsaoirseacht do gach aon duine acu a scéal cumhachtach agus íogair féin a insint ina bhfocail féin, agus fírinne an scéil sin a thabhairt chun solais.
Clár 1: Déanfaidh Lisa Lawlor cur síos ar mar a rinneadh dílleachta di ina páiste nuair a cailleadh a muintir i dtine Stardust sa bhliain 1981. Baisteadh an ‘Stardust Baby’ uirthi ina dhiaidh sin agus sa chlár seo, tabharfaidh sí chun cuimhne an saol a chaith sí ag éirí aníos agus eolas mór uirthi mar gheall ar an tragóid seo a ghoilleann go fóill ar phobal Ard Aidhin i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Finné ag tosú Dé Céadaoin 2 Feabhra @ 9:30pm ar TG4