Labhair roinnt daoine as Corca Dhuibhne le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas maidir leis an tionchar a bhí ag an phaindéim orthu agus a bhfuil siad ag súil leis amach anseo.

I measc na ndaoine a roinn a gcuid tuairimí, bhí Ben Ó Loingsigh, Nioclás Ó Gríobhtháin, Máire Uí Laoire agus Máirín Ní Chonghaile.

Dúirt Ben go bhfuair sé an dianghlasáil 'ana-dhian ag an tosach' ach go bhfuair sé taithí ar an saol nua cuíosach tapaidh. Bhí díomá ar Bhen nár thug daoine áirithe aird a tharraingt ar na treoracha a thug údaráis na tíre. Maidir le cuairteanna ó chairde agus teaghlach, deir Ben gurbh fhearr i bhfad dá bhfanfaidís lasmuigh den teach.

Paindéim Covid-19

Luaigh Nioclás nach raibh sé mórán áiteanna le dhá bhliain anuas mar go raibh eagla air agus nach bhfuil sé tagtha as an eagla sin go fóill.

Cailleadh fear céile Mháire le linn na paindéime agus dúirt sí go raibh sin an-dian mar nach raibh cead ag daoine teacht chun tí leis an bhfaire agus sochraid.

D'imigh an dá bhliain an-tapaidh do Mháirín atá ina cónaí in Inis Meáin. Bhí gach lá mar a chéile a dúirt sí, rud a chiallaigh gur imigh na laethanta scioptha uirthi. Bhraith sí uaithi an spórt beo chomh maith leis an Oireachtas, áit a gcruthaíonn na Gaeil le chéile gach bliain. Tá sí ag súil le filleadh ar an Oireachtas agus ag Comórtas Peile na Gaeltachta freisin.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00