In agallamh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine, dúirt tuismitheoir araibh a leanbh ar dhuine acu siúd a fuair cóir leighis mí-oiriúnach agus iad faoi chúram CAMHS i gCiarraí Theas, go gcaithfeadh na daoine a loic ar a gcuid cúramaí i CAMHS bata agus bóthar a fháil mar gheall ar an méid a tharla.

San agallamh le Helen Ní Shé, dúirt an tuismitheoir go raibh an teaghlach ana shuaite ag an méid a thug an Dochtúir Sharma le fios dóibh anuraidh faoin gcóir leighis a cuireadh ar a leanbh, agus ag an eolas atá faighte acu ó shin faoin scéal.

"Táimid ana shuaite Helen is dócha mar táimid ag déileáil le CAMHS ó 2012. Bheifeá ag braith ar na daoine seo agus ar an tseirbhís seo chun cabhrú leat agus cabhrú led leanbh agus nuair a chífidh tú cad tá tárlaithe.Bhí sé deacair a dhóthain anuraidh nuair a fuaireamar amach ar dtús cad a bhí tar éis tarlú, ach tar éis an scéal seo fháil inné - Íosa Críost, chuir sé an gubh dearg ar fad orainn déarfaidh mé an fhírinne leat!"

Dúirt siad gur chuir an easpa freagrachta faoin méid a tharla alltacht orthu, agus go raibh sé an-soiléir sa litir a fuair siad faoi an tseachtain seo.

"Fuaireamar an litir inné sa phost ... bhain sé preab asam agus bhí an gubh orm san am céanna mar pé tuiscint a bhí againn roimhe sin ar cad a bhí tar éis tárlú, dhein sé seo dhá uair, trí huaire níos a mheasa é.Mar ní raibh éinne, ní raibh aon cheannaire ag seasamh ann ag rá féach tá rudaí ag tarlú anseo nár cheart a bheith ag tarlú.Agus mar a mbeadh an dochtúir a dhein an rud a dhein sé anuraidh, ní bheadh fhios aige éinne mar gheall air…agus bhfuil fhios agat chuirfeadh sé an gubh dearg ort."Dúirt siad go gcaithfeadh na daoine a bhí ar an eolas faoin méid a bhí ag tarlú, agus nár ghníomhaigh, agus iad siúd a bhí in ainm's a bheith i gceannas, bata is bóthar a fháil.

"I ndeireadh an lae, tá 35 moladh curtha sa scéal a fuaireamar. Cuiridís é sin i bhfeidhm … Ní theastaíonn uainne bheith tabhairt éinne chun cúirte ná aon rud eile, ach bhí daoine, ceannairí os cionn an dochtúir seo.Caithfidh said san seasamh suas agus, bhfuil fhios agat caithfidh duine éigin bheith freagrach as cad a tharla. Caithfidh said seo an doras amach a fháil, agus an bhróig, agus ní cheart go ligfí in aice a leithéid seo iad go brách arís. Caithfidh sé seo tarlúint. Tá scéal á chur amach anois acu tá rudaí chun athrú. Tá rudaí sóinseálta, ach tá daoine istigh san áit sin go bhfuil obair acu i gcónaí … Bhíos acu cad a bhí tarlú. Ní dheineadar faic mar gheall air. Caithfidh said san an bhróig a fháil amach an doras."

"Ní shásóidh faic eile sin. Ní theastaíonn uainne bheith dul isteach sna cúirteanna. Teastaionn an t-airgead seo le caitheamh ar na seirbhísí, ach fós tá rudaí le tarlúint agus caithfidh siad tarlúint."

Bhí an tuismitheoir seo faoi agallamh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine.