Labhair Caoimhín Mac Aoidh agus Ciarán Ó Maonaigh ar Eachtraigh Dom ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi thionchar an fhidléara, Jimmy Campbell as na Gleannta, i dTír Chonaill a cailleadh le déanaí.

Duine faoi leith ab ea Jimmy Campbell a bhain le glúin faoi leith d'fhidléirí Thír Chonaill a dúirt Ciarán Ó Maonaigh. I measc na ndaoine a bhí ag ceol as Tír Chonaill le linn shaol Jimmy Campbell, bhí Tommy Potts agus Francie Ó Maonaigh.

Ciarán Ó Maonaigh

Bhí oidhreacht, eolas agus béaloideas ag sileadh amach as Campbell. Duine a thug misneach don chéad ghlúin eile ceoil agus na glúnta a tháinig ina dhiaidh sin, a dúirt Ciarán Ó Maonaigh. 'Ba chroí na féile é' agus bhí 'croí déagóra' aige chomh maith, duine a bhí cosúil le ' uan beag meidhreach'. Mhothaigh achan duine go raibh siad ar neamh ina chomhluadar

Éist le Eachtraigh Dom ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Luain agus Dé Máirt ag 2.05pm