Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Linda Keating a chruthaigh leagan Gaeilge den chluiche Wordle, dar teideal Foclach ar an gclár Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Spreag an bunleagan i mBéarla a thaitin go mór le Linda agus nuair a d'aithin sí go gcuirfeadh sé lena stór focal Gaeilge, chinn sí a leagan féin i nGaeilge a chruthú.
Baineadh preab aisti nuair a d'aithin sí go raibh an oiread sin d'éileamh ar an leagan Gaeilge ar na meáin shóisialta agus tá sí ag cur leis ó shin.

Is féidir teacht ar Fhoclach anseo, ar shuíomh gréasáin Linda,
Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine óna 3 go dtí'na 5