Labhair an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin le Michelle Nic Grianna ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina clár nua atá ag tosú anocht, Dé Céadoin, 12 Eanáir ar TG4 ag 8.30
Luaigh Áine gur ina contae dúchais féin, Tír Chonaill a thosaíonn an clár agus go bhfuil trí chlár i nDún na nGall sula dtugann sí faoi Acaill agus níos faide síos an cósta go Gaillimh agus ansin go Ciarraí.
'Tá cósta thiar na hÉireann ar cheann des na bealaí farraige is mealtaí ar domhan' an fhírinne ghlan ó @AineEibhlin ar #AnCóstaThiar - Sraith úr nua ar @TG4TV ag tosnú 12/01 @NiamhNiB @edelnic @Feilimioconnor @fearCharna pic.twitter.com/bbvVgsnmp3
— Aniar (@AniarTV) January 8, 2022
Ag díriú ar chúrsaí mara atá Áine sa chlár seo, na daoine a roghnaíonn cónaí in aice léi, an bia a bhailíonn muid ón bhfarraige agus an béaloideas a bhaineann léi freisin.
An Cósta Thiar, ag tosú Dé Céadaoin ar TG4, ag 8.30pm