Sa chlár Ógie a chraolfar ar an 3 Eanáir ag 11am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta labhrann Michelle Nic Grianna le Brendan Ó Dufaigh faoina mhac a cailleadh go tragóideach i dtimpiste bóthair.
Maraíodh laoch óg peile Mhuineacháin Ógie Ó Dufaigh go tragóideach i dtimpiste cairr i mí Iúil 2021, uaireanta an chloig i ndiaidh dó a chomrádaithe ar fhoireann peile faoi 20 an chontae a stiúradh isteach i gCraobh Uladh.
Sa chlár Ógie ar 3 Eanáir ag 11 am, labhrann Michelle Nic Grianna le Brendan Ó Dufaigh faoina mhac, faoin tragóid, agus faoi mar a chuir sé féin agus a bhean aithne eile ar a mac de bharr na scéalta a chuala siad faoi i ndiaidh a bháis faoina chineáltas, a cheannaireacht ar an pháirc peile, agus a thacaíocht do dhaoine eile.