Lá Nollag @ 10:20pm ar TG4, craolfar clár ceiliúrtha ceoil in ómós don bhoscadóir Joe Burke Lá Nollag ar TG4.
Duine de na ceoltóirí is cumasaí dá linne, cailleadh Joe Burke i mí Feabhra 2021, agus mar chomóradh ar an oidhreacht shaibhir cheoil a d’fhág sé ina dhiaidh craolfar clár speisialta le roinnt de na pearsaí ceoil is tábhachtaí dá bhfuil againn. Oíche speisialta le clann agus cairde ceoil a bheidh sa chlár Joe Burke - Ceiliúradh i gcuimhne ar Joe Burke i gcomhluadar a mhná céile, an boscadóir Ann Conroy. Déanfar ceiliúradh ar fhear a d’ardaigh croíthe lena ghreann agus lena scéalta agus a chuaigh i bhfeidhm ar na glúnta de cheoltóirí ar fud na cruinne. Cloisfimid ó Ann Conroy Burke, Mary Conroy, Frankie Gavin, Charlie Lennon, Eileen O’Brien, Máire Ní Chathasaigh, Liz & Yvonne Keane, Jackie Daly, Dermot Byrne, Máire Ní Chathasaigh agus Conchubhar Ó Luasa.

Lad O’Beirne, Aggie White, Paddy Kiloran agus Andy McGann is ea cuid de na hainmneacha ceolmhara is mó cáil orthu i stair an cheoil thraidisiúnta agus comrádaí sa cheol ab ea iad le Joe Burke. Tabharfar spléachadh dúinn ar an saol fada ceolmhar a chaith an boscadóir thall i Meiriceá agus sa bhaile ina cheantar dúchasach i gcontae na Gaillimhe.
D’fhuin agus d’fháisc Joe Burke ceol an chairdín, ach go háirithe an ceol sin a sheinntear i stíl b/c agus aithnítear inniu é mar dhuine de na ceoltóirí is mó a bhfuil a lorg fágtha ar chleachtadh an cheoil thraidisiúnta trí chéile ach go háirithe i measc ceoltóirí óga atá ag teacht aníos. Fear a d’fhág stór fairsing taifeadtaí, ní hamháin dá cheol saibhir féin ach taifeadtaí de laochra móra na haoise seo caite ar nós Michael Coleman a bhfuil luach thar na bearta leis anois. Mar a dúirt Burke fhéin, ‘ní hé go seinneann tú an ceol le linn do shaoil, is é an ceol do shaol.’ Ceoltóir, múinteoir agus caomhnóir ceoil ab ea Burke agus beidh tabharfar féachaint chroíúil ar na gnéithe seo go léir sa chlár grámhar, fuinniúil speisialta seo.
Lá Nollag @ 10:20pm ar TG4