Fiosraíonn Louise Mulcahy scéal na mbanphíobairí a fágadh ar leataobh i stair cheolmhar na hÉireann ar an Domhnach, 19 Nollaig ag 9.30pm ar TG4
Má scagtar annála cheol traidisiúnta na hÉireann, feictear go soiléir gurb iad na fir ar an mórgóir a bhí ag seinm ar an bpíb uilleann – ceann d'uirlisí náisiúnta na tíre - le linn an 19ú agus 20ú haois.
San fhadscannán faisnéise seo, leanfaimid an ceoltóir clúiteach Louise Mulcahy agus í ar aistear corraitheach ag iarraidh scéalta banphíobairí eisceachtúla a nochtú, mná a ndearnadh faillí orthu nuair a fágadh amach ó stair chultúrtha na tíre seo iad. Buailfidh sí le ceoltóirí agus scoláirí a thabharfaidh léargas níos glinne di ar na constaicí a bhí rompu sna tréimhsí dúshlánacha inar mhair siad ó lár an 19ú haois chuig na 1950í agus níos faide ar aghaidh.
Déantar athchumadh ar ré agus beatha na mbanphíobairí lárnacha i radhairc áille a chuireann go mór le físiúlacht an fhadscannáin. Mar cheiliúradh ar bheatha na mban sin agus in ómós dá gcumas ceoil, beidh taispeántais cheoil den chéad scoth. Trí labhairt le sliochtaigh agus staraithe chomh maith le ceoltóirí clúiteacha agus taighdeoirí, nochtann Louise scéalta dochreidte na mbanphíobairí – mná ar chas an pobal ceoil thraidisiúnta a dhroim leo- agus déanann sí iarracht an t-aitheantas atá tuillte acu a lorg dóibh ar deireadh.

Le linn an chláir faisnéise spreagúil bhríomhair seo, cloisfear saincheol aoibhinn á sheinnm ag Louise, Michelle and Mick Mulcahy, Máire Ní Ghráda, Molly Ní Ghrada, Mary Mitchell-Ingoldsby, Rosaleen O’Leary, Heather Clarke, Marion McCarthy, Síle Friel, Jane Walls, Muintir Rowsome, Paddy Moloney agus an iliomad ceoltóirí eile.
Déanann an ceoltóir agus craoltóir Peter Browne cur síos ar Éirinn sa 20ú haois nuair nach bhfeictí mná amuigh go sóisialta de ghnáth, gan trácht ar bheith ag seinm ar an bpíb uilleann. Míníonn POF Na Píobairí Uilleann Gay McKeon do Louise faoi éiteas an eagrais agus an sprioc atá acu le blianta beaga anuas níos mó mná óga a mhealladh leis na píoba a fhoghlaim. Buaileann Louise leis an Urramach Violet Johnston, neacht le píobaire iontach agus aisteach a mhair i gCarnlach, Co Aontroma sa chéad leath den 20ú haois. Taispeánann Fiona Byrne, coimeádaí Mhúsaem Uladh píb uilleann Netta Jane Nichol do Louise.