skip to main content

Labhrann Michelle Ní Dhuibheannaigh ar bhás a hiníne Aimee, 14, a cailleadh anuraidh

Cailleadh Aimee Ní Dhuibheannaigh, cailín óg Connallach, anuraidh in aois 14 bliain d'aois i ndiaidh droch-bhabhta plúchadh.

Labhair a máthair Michelle ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin faoin tragóid, agus faoin bhfeachtas bailithe airgid do na carthanachtaí Asthma Society of Ireland agus Pieta House atá idir lámh acu i gcuimhe ar Aimee.

Bhí Aimee ina cónaí i Leitir Ceanainn, agus bhí sí ina scoláire i gColáiste Ailigh, agus chaith sí an-chuid ama i gceantar dúchais a máthar, Rann na Feirste. Rinne a máthair cur síos uirthi ar an gclár Déardaoin.

"Bhí sí iontach maith ag ceol agus drámaíocht, cosúil le Graindeá.Bhí sí millteanach cineálta agus bhí aoibh an gháire i gcónaí uirthi... bheadh sí iontach bródúil as an chuidiú seo do na carthanachtaí."

Mhínigh Michelle go raibh plúchadh ag dul d’Aimee ó bhí sí an-óg, agus gur dhóbair gur cailleadh í ag aois ceithre bliana dá bharr, ach gur tháinig as sin agus nár lig sí don tinneas cur isteach uirthi an iomarca.

Aimee Ní Dhuibheannaigh

Bhí Michelle Ní Dhuibheannaigh ag réiteach le dhul isteach san ospideál le páiste a bheith aici nuair a fuair sí glaoch óna hiníon Aimee, a bhí i dteach a seantuismitheoirí i Rann na Feirste an mhaidin sin."Mammy, I need you to calm me down", a dúirt an cailín óg lena máthair. Mhínigh Michelle san agallamh gur fhulaing Aimee ó bhí sí ina páiste óg leis an bplúchadh, agus go mbuaileadh panic attack í nuair a bhraitheadh sí go raibh droch bhabhta plúchadh ag teacht uirthi. Rinne Michelle gach iarracht cuidiú lena hiníon, ach ní raibh ag éirí léi, agus ba léir go raibh deacrachtaí móra aici.

"Sin an t-am deireanach a labhair mé léi."

Thit Aimee as a seasamh agus glaodh ar otharcharr, ach ar an drochuair ní raibh siad in ann Aimee a shábháil agus fuair sí bás.

"Rinne siad iarracht oibriú uirthi ar feadh tamall. Dúirt an otharlann liom de ghnáth we only work 20 minutes on a case like this, but we’d been working on her for two and half hours só bhí’s agam go ndearna siad achan uile rud a thiocfadh leo."Tá an chéad chuimhneacháin ar an tsúil anois ag an teaghlach, agus shocraigh siad gur mhaith leo rud éigin a dhéanamh i gcuimhne ar Aimee, agus lena saol a cheiliúradh.

"Shocraigh muid airgead a bhailiú do dhá charthanacht, Asthma Society of Ireland, mar níl fhios ag daoine go leor faoi phlúchadh, cad é chomh dáinséarach is a thig leis a bheith... agus Pieta House i Leitir Ceanainn.Chaith Aimee seal leo í fhéin, d’fhulaing sí cuid mhór lena meabharsláinte.Ní shílfeadh a nduine gur fhulaing mar bhí sí i gcónaí chomh gealgháireach, ach chuidigh siad léi fríd droch am amach a bhí aici, agus ba mhaith liom rud inteacht a thabhairt ar ais."

Bhí siúlóid 10 km i gcuimhne ar Aimee socraithe don Satharn 10 Nollaig i Leitir Ceanainn, ach anois de bharr chúrsaí COVID tá Michelle agus an teaghlach ag iarraidh ar dhaoine an 10 km a shiúl ina gceantar féin seachas teacht le chéile mór a bheith ann, agus pictiúirí a chur ar na meáin shóisialta le #Aimee.Is féidir tacú leis an bhfeachtas aghttps://www.gofundme.com/f/asthma-society-pieta-nw-in-memory-of-aimee

Ag deireadh an agallaimh, labhair Michelle ar mar atá sí anois agus an bhliain atá curtha isteach aici.

"Deir daoine liomsa tá tú millteanach láidir, tá tú millteanach cróga ... níl... Caithfidh tú coinneáil ag dhul."

Bhí Michelle Ní Dhuibheannaigh faoi agallamh ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin.