Scannal, amárach, Dé Máirt, 14 Nollaig ag 7pm ar RTÉ ONE
On tomorrow night's Scannal, we remember the drama which unfolded in 2018 when Kildare went head to head with the authorities in Croke Park.
Séasúr ab ea séasúr CLG na bliana 2018 nach ndéanfar dearmad air. Bhí formáidí nua ann i gcraobhchomórtais peile agus iománaíochta na bhfear ó tharla gur tugadh isteach céim ghrúpa ar ar tugadh na 'Super 8s' sa pheil, tráth a bunaíodh craobhchomórtas nua cúige san iománaíocht i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan, a imreofaí mar chomórtas ciorclach ina mbeadh grúpaí de chúig fhoireann, rud a d’fhágfadh go mbeadh níos mó cluichí i gceist do na rannpháirtithe uile.

Anuas air sin, áfach, fanann séasúr 2018 den chraobhchomórtas i gcuimhne freisin mar gheall ar sheasamh Chill Dara diúltú a gcluiche mór i gcoinne Mhaigh Eo a bhogadh amach as Droichead Nua agus an dúshlán a thug siad do CLG sa scéal mór fada a tugadh ‘Droichead Nua nó Áit ar Bith’ air - Newbridge or Nowhere.
B’uafásach ar fad an séasúr a bhí ag Cill Dara an bhliain sin, chaill siad 7 cluiche sraithe as a chéile agus ansin bhuail Ceatharlach iad den chéad uair ón mbliain 1953. Faoi dheireadh thiar thall, d’éirigh leo iad féin a chur ar a mboinn arís agus 2 bhua a fháil as baile i gcoinne Dhoire agus an Longfoirt i gCluichí Cáilithe na hÉireann agus gach rud réidh don tarraingt do Bhabhta 3 beo ar Morning Ireland ar maidin an 25 Meitheamh.
Ba í foireann Chill Dara a tarraingíodh ar dtús agus tarraingíodh Maigh Eo le himirt ina haghaidh, foireann a buaileadh in dhá chluiche ceannais na hÉireann roimhe sin. Ba é ‘plum tie’ an bhabhta agus de réir na rialacha, bheadh buntáiste imirt sa bhaile ag an gcéad fhoireann a tharraingeofaí as an hata. Ní fada go raibh sé soiléir, áfach, go raibh CLG ag iarraidh an cluiche a bhogadh go Páirc an Chrócaigh mar chuid de dhá chluiche i ndiaidh a chéile an Satharn dár gcionn. Chuaigh bainisteoir Chill Dara, Cian O’Neill, ar an Six One News an tráthnóna sin agus é ag dearbhú nach n-imreodh Cill Dara an cluiche i bPáirc an Chrócaigh - Bíodh sé i nDroichead Nua nó ná bíodh sé ann ar chor ar bith, a dúirt sé.
Níor ghéill ceachtar den dá thaobh - mhaígh CLG go mbeadh ar Chill Dara an cluiche a fhorghéilleadh mura dtiocfaidís i láthair i bPáirc an Chrócaigh agus d’áitigh Cill Dara go daingean nach dtiocfadh athrú intinne orthu faoi. Chuaigh lá eile thart agus ní raibh an cás réitithe fós acu agus bhí gach cosúlacht ar an scéal nach dtarlódh an cluiche ar chor ar bith agus an dá thaobh ag seasamh an fhóid. Ba í Páirc an Chrócaigh a ghéill sa deireadh, agus socraíodh go mbeadh an cluiche ar siúl i nDroichead Nua. Tráthnóna brothallach Sathairn, fuair Cill Dara an ceann is fearr ar Mhaigh Eo, agus mar a tharla sé, bhí sé ar cheann de na hócáidí ab fhearr a bhí ag lucht leanúna Chill Dara le blianta.
San eipeasóid seo de Scannal, caithfear súil siar ar na laethanta achrannacha sin i mí Meithimh 2018 nuair a tháinig muintir contae le chéile ar mhaithe le cath a throid chun cluiche craobhchomórtais a óstáil, nuair a thug siad aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh cumhachtach agus a d’éirigh leo an cinneadh a bhí tuillte acu a bhaint amach. Beidh Cian O’Neill a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann Chill Dara ag an am, iarUachtarán CLG Seán Kelly, na craoltóirí spóirt Gráinne McElwain agus Cuán Ó Flatharta agus leantóir dílis diongbháilte CLG Chill Dara Mark Durkan páirteach sa chlár seo.
"It was like David and Goliath when Kildare decided to stand up against the authorities in Croke Park". Seán Kelly, iarUachtarán CLG
Scannal, amárach, Dé Máirt, 14 Nollaig ag 7pm ar RTÉ ONE