Ar an 6 Nollaig 1921, céad bliain ó shin an tseachtain seo, shínigh foireann idirbheartaíochta Éireannach agus rialtas na Breataine an Conradh Angla-Éireannach. Chuir an conradh deireadh le Cogadh na Saoirse agus bunaíodh an Saorstát mar thoradh air.

Máirín Ní Ghadhra

Ar an gclár An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta labhair painéal staraithe i gcuideachta Mháirín Ní Ghadhra leis an gconradh agus a thábhacht a phlé. Ar na cainteoirí, tá Cormac Ó Comhraí, Aindrias Ó Cathasaigh, an Dochtúir Fearghal Mac Bhloscaidh agus an Dochtúir Síobhra Aiken.

Éist leis An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn