Tá scoth na leabhar Gaeilge á bhfoilsiú le tamaill de bhlianta anuas, idir úrscéalta, cnuasaigh ghearrscéalta agus aistriúcháin iontacha ar scéalta ó thíortha eile.

Madame Lazare- Tadhg Mac Dhonnagáin

Úrscéal é seo a bheireann greim ar an léitheoir ón gcéad leathanach agus nach scaoileann leo go deireadh an scéil. Bhuaigh an leabhar seo leabhar Gaeilge na bliana an mhí seo caite ag Gradaim Leabhar na Bliana

Éist anseo le léirmheas Áine Uí Ghlinn ar Madame Lazare ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Khalil- Yasmina Khadra

Leabhar cumhachtach é seo a théann i ngleic le sceimhlitheoireacht san Eoraip. Yasmina Khadra an t-ainm cleite atá ar an scríbhneoir Ailgéireach Mohammed Moulessehoul, a rugadh in 1956.Chaith sé seal ina oifigeach sinsearach in airm na hAilgéire sula ndeachaigh sé ar deoraíocht chun na Fraince, áit a bhfuil cónaí air ar an gcúlráid. Tá riar maith úrscéalta scríofa aige agus is é an saol Moslamach is cás dó ina shaothar.

Éist anseo leis an aistritheoir, Máirín Nic Con Iomaire ar an gclár Iris Aniar ag labhairt ar an leabhar a aistriú ón bhFraincís go Gaeilge.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Cnámh- Eoghan Mac Giolla Bhríde

Cnuasach gearrscéalta ón scríbhneoir agus foilsitheoir Chonallach Eoghan Mac Giolla Bhríde is ea Cnámh. Bhuaigh an leabhar seo an duais don leabhar Gaeilge is fearr ag Gradam Leabhar na bliana anuraidh.

Éist anseo leis an údar ag caint faoin leabhar agus faoina bhua ag na Gradaim ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Inní- Réaltán Ní Leannáin

Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir.

Éist anseo le léirmheas Áine Uí Ghlinn ar an gcnuasach gearrscéalta Inní ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.