Tá cláracha ceoil, siamsaíochta, nuálacha agus taitneamhacha ar na bacáin don Nollaig ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Lá Nollag

An Cosán Draíochta

Sa chlár seo inniu cloisfidh muid An Cosán Draíochta, coimisiún nua ceoil de chuid Stiúideo Cuan leis an gceoltóir agus an cumadóir iomráiteach Johnny Óg Connolly, in ómós dá athair, Johnny Phádraic Phíotair. Ba é An Cosán Draíochta an chéad léiriú oifigiúil i Stiúideo Cuan, ionad nua ealaíon & ceoil sa Spidéal, agus bhí sé ar stáitse i mí na Samhna i mbliana.Seo taifead beo den ócáid.Is ceol nua ar fad a bheas le cloisteáil againn ann, curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Johnny Óg Connolly (bosca), Clíodhna Ní Choisdealbha (banjó), Ciara Ní Bhriain (fidil), Pádraig Ó Dubhghaill (giotár), Jim Higgins (cnaguirlisí), Seosamh Ó Neachtain (damhsa) agus an t-amhránaí cumasach Bríd Treasa Ní Ghaoithín. Ba é Darach Mac Con Iomaire an léiritheoir, Stiúrthóir Cruthaitheach Stiúideo Cuan.

Johnny Connolly, nach maireann.

Johnny Óg Connolly was commissioned to write An Cosán Draíochta by Stiúideo Cuan, a new arts and music venue located in An Spidéal, Co. Galway. The work honours the memory of his father, legendary melodeon player Johnny Connolly, or Johnny Phádraic Phíotair as he was better known, who died in 2019. It was first performed on stage in November, and was the first production for the new arts venue. This is a live recording of the performance, and the brand new music we will hear will today be performed by top traditional musicians including Johnny Óg Connolly (box), Clíodhna Ní Choisdealbha (banjo), Ciara Ní Bhriain (fiddle), Pádraig Ó Dubhghaill (guitar), Jim Higgins (percussion), Seosamh Ó Neachtain (dance) and the talented singer Bríd Treasa Ní Ghaothín. An Cosán Draíochta was produced by Darach Mac Con Iomaire, Creative Director at Stiúideo Cuan.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn 25 Nollaig / Sat 25 Dec 3 pm

Ceolchoirm na Nollag

Taifeadadh an cheolchoirm seo beo i Séipéal Chill Treasa i Ros an Mhíl i mí na Nollag 2018.Bhí scoth an cheoil le cloisteáil ó leithéidí Cór Chois Fharraige, Neansaí Ní Choisdealbha, Tommy Mellett, Liz Kane, agus Luisne Ní Neachtain i measc go leor eile, chomh maith le scéalaíocht agus píosaí cainte ó Mhícheál Mac an Iomaire agus Máirín Mhic Lochlainn. Ba é Briain Terry Mac Donnachadha a bhí ina fhear an tí. Láithriú agus léiriú le hEibhlín de Bhailís.

A Christmas concert recorded live in Cill Treasa Church in Ros an Mhíl in Connemara in December 2018, featuring superbly talented local musicians, including the Cór Chois Fharraige choir, Neansaí Ní Choisdealbha, Tommy Mellett, Liz Kane and Luisne Ní Neachtain, as well as stories and spoken word performances from Mícheál Mac an Iomaire and Máirín Mhic Lochlainn.Briain Terry Mac Donnchadha was MC.Presented and produced by Eibhlín de Bhailís.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn 25 Nollaig / Sat 25 Dec 5 pm

Malairt Poirt le Muireann

Beidh eagrán speisialta den chlár ag Muireann Nic Amhlaoibh dúinn anocht, le ceol eaglasta agus córanna domhanda i measc an rogha ceoil a bheas aici.

Muireann Nic Amhlaoibh brings us a very special edition of the programme tonight, featuring choral and ecclesiastical music in her selection of world folk music.

Muireann Nic Amhlaoibh

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn 25 Nollaig / Sat 25 Dec 7 pm

An Ghealach Ghorm

Eagrán Nollaigiúil den chlár a bheas ag Áine Hensey dúinn anocht.Caith seal oíche lae Nollag le Jackson Browne, John Prine, Róisín Elsafty Fiona Tyndall, Woodie Guthrie, Joan Baez, Finola Ó Siochrú, Muireann Nic Amhlaoibh, Tommy Sands agus go leor eile.

Áine Hensey brings us a festive An Ghealach Ghorm tonight, with a musical selection including tracks from Jackson Browne, John Prine, Róisín Elsafty Fiona Tyndall, Woodie Guthrie, Joan Baez, Finola Ó Siochrú, Muireann Nic Amhlaoibh, Tommy Sands and more.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Sathairn 25 Nollaig / Sat 25 Dec 9 pm

Lá 'le Stiofáin

Órchiste Nollag

Sa chlár seo, cloisfidh muid sleachta ón leabhar nua-fhoilsithe Órchiste Nollag, a chnuasaigh Máirín Uí Shé. Beidh scéalta, carúil, dánta, cín lae, cuimhní cinn agus seanfhocail a bhaineann le tráth beannaithe na Nollag le cloisteáil againn, agus ceol álainn ón bhfidléir Máire Breathnach.In this programme, we'll hear selections from the newly-published book Órchiste Nollag, a compendium of stories, reflections, carols, memories, and proverbs connected to the Christmas season, with beautiful musical accompaniment from fiddler Máire Breathnach.

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dé Domhnaigh 26 Nollaig / Sun 26 Dec 10.08 am

Spórt an Lae

I measc na míreanna ar chlár an lae inniu, cloisfidh muid agallamh le duine de shár-iománaithe ár-linne, John Connolly na Gaillimhe agus An Chaisleáin Ghearr, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le Gearóidín Nic an Iomaire.Bhí John Connolly ar fhoireann na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Iomána na hÉireann i 1980, agus bhí sé ar fhoirne iontacha An Chaisleáin Ghearr a bhain sé cinn de chraobhacha contae i nGaillimh idir na blianta 1967 agus 1984, agus ar ndóigh a thug leo Craobh Chlubanna Iomána na hÉireann i 1980 freisin. Ar chlár an lae inniu freisin, cloisfidh muid Micheál Ó Muircheartaigh, Maidhc Ó Méalóid agus Jamie Ó Tuama ag plé na cluichí craoibhe a himríodh idir An Mhí agus Áth Cliath i gCraobh Shinsir Peile Chúige Laighean i 1991, ceithre cinn ar fad, le hAntoine Ó Conghaile.Beidh clúdach ar imeachtaí spóirt an lae againn freisin dár ndóigh!

As well as live coverage of the day’s sporting action, the programme today will include an interview with Galway hurling legend John Connolly, who was on the county’s All-Ireland winning team in 1980.John was also a member of the brilliant Castlegar teams that won six county finals between 1967 and 1980, and of course the Hurling Club Championship too in 1980.He takes a walk down memory lane with Gearóidín Nic an Iomaire today.We’ll also hear Micheál Ó Muircheartaigh, Maidhc Ó Méalóid and Jamie Ó Tuama discuss the championship matches, four in all, played between Dublin and Meath in the Leinster Senior Championship in 1991, with Antoine Ó Conghaile.