skip to main content

Dúshláin na Tuismitheoireachta faoi chaibidil i gclár nua

Evelyn O' Rourke
Evelyn O' Rourke

Labhair muid le hEvelyn O' Rourke mar gheall ar an gclár nua atá á chomhláithriú aici le Rónán Mac Niallais, Cad faoi na tuismitheoirí?' atá ag tosú Dé Luain, 29 Samhain ar RTÉ ONE ag 7.30pm

Cad a spreag do spéis san ábhar ó thús?

Bhí áthas orm a bheith bainteach leis an clár seo toisc go bhfuil beirt bhuachaillí óga agam féin sa bhaile - Oisín (11) agus Ross (10) - agus bím ag streachailt le na fadhbanna céanna le gach clann eile. D'athraigh an phaindéim gach rud - bhí orainn na ríalacha tuismitheorachta a athrú agus anois, táimid ag lorg bealaí chun struchtúr agus saol sona a chur faoi bhun arís dár bpáistí agus táimid go léir ag lorg treoir le seo. Tá súil agam go mbéimid in ann cabhrú le sin!

Cad faoi na Tuismitheoirí, ag tosú Dé Luain 29 Samhain ag 7.30 ar RTÉ ONE

An dóigh leat go bhfuil athrú tagtha ar thuismitheoireacht in Éirinn le tamaill de bhlianta anuas?

Sea! Bíonn dúshlán difrúil ag gach clann ach measaim go bhfuil tionchar na scáileán dochreidthe i bhformhór clainne. Bíonn go leor comhrá agam le tuismitheoirí atá buartha faoi seo agus níl freagra amhán soiléir ag éinne… arís tá súil againn gur féidir le Stella, ár síciteiripeoir, cabhrú (liomsa!) agus le gach duine srian a chur ar an dúshlán seo.

Dá mbeadh ort cur síos a dhéanamh ar an gclár i dtrí fhocal, cad iad na focail a roghnófá?

Dearfach, cabhrach, macánta

An bhfuil aon ní a d'fhoghlaim tusa mar gheall ar thuismitheoireacht agus tú i mbun taifeadta?

Cinnte! Chaith mé am ag iarraidh Stella comhairle a chur ar mo chlann féin le linn laethanta taifeada. Is dócha an rud is mó a d’fhoghlaim mé uaithí ná gan a bheith ró-dhían orainn féin mar thuismitheoirí agus gan bheith scanraithe 'ní hea’ a rá le do pháistí ó am go ham 😉

Tosaíonn Cad Faoi Na Tuismitheoirí Dé Luain, 29 Samhain, ar RTÉ ONE ag 7.30pm