Labhair Pádraig Ó Snodaigh, bunaitheoir an teach foilsitheoireachta, Coiscéim le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána mar gheall ar a shaol ag foilsiú leabhar agus a bhfuil foghlamtha aige.

Dhá scór bliain anuraidh a bhunaigh Ó Snodaigh Coiscéim agus tá iliomad leabhar curtha amach aige ó shin. Léigh Pádraig sliocht as a chuid scríbhneoireachta féin sular labhair sé faoin gcúis gur thosaigh sé i ngort na leabhar.

Is as Ceatharlach ó thús, Pádraig ach tá sé san ardchathair le fada. Fostaíodh é mar leaschoimeadaí i Músaem na hÉireann sula ndearna sé an cinneadh bogadh ón bpost sin go dtí obair neamhspleách, ag foilsiú leabhar.

Chas Pádraig lena bhean, Clíodhna Cussen agus iad beirt ag teagasc staire in UCD ach chaith siad an saol ag obair sna healaíona, ise le dealbhóireacht agus eisean ag foilsiú leabhar.

Tristan Rosenstock

Maidir leis na nósanna atá ag daoine le Gaeilge i dtaobh na leabhar, deir sé 'Níl pobal na Gaeilge maith go leor do na scríbhneoirí mar nach gceannaíonn siad na leabhair'.

'Deirim i gcónaí go bhfuil leabhar, nó leabhair, i ngach aon duine', arsa Ó Snodaigh.

Éist leis An Cúinne Dána maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 10:30 - 11:00