Labhair Seán Ó Dubhchon, craoltóir agus múinteoir ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi anaireicse nervosa a d'fhulaing sé agus an tslí ar deileáil sé leis.
Mar pháirt do Mhí Fheasacha Sláinte na bhfear – Movember. Dúirt Seán gur tháinig an galar seo aniar aduaidh air agus é mall sna déaga. Cuireann Seán síos air féin mar chineál perfectionist, ach go bhfuil feabhas tagtha air le tamaill anuas.
Bhí sé ag ullmhú don Ardteist agus bhí sé de nós rudaí a choinneáil istigh. Próiséas a bhí ann do Sheán agus é ag coinneáil smachta ar a chorp agus ar a intinn. Thosaigh Seán ag déanamh anailíse ar ghrianghraif dó féin ar na meáin shóisialta agus ar a chorp, cé nár fhulaing sé tromaíocht ó dhaoine eile faoina mheachán.

Nuair a bhí Seán ag freastal ar an ollscoil, d'imigh rudaí in olcas agus d'admhaigh sé nach raibh sé ag ithe mórán in aon chor. Chaill Seán timpeall cúig chloch faoin am gur raibh sé in ann aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhí aige.
'Cuireann tú achan rud i bhfolach', a dúirt Seán mar gheall ar a iompar timpeall ar bhia. D'aithin daoine eile go raibh Seán breoite ach bhí deacrachtaí ag Seán féin é sin a aithint ann féin. Dúirt Seán go raibh 'an splanc ar shiúl' óna phearsantacht nuair a bhí sé tinn leis an galar.
Léigh Seán dírbheathaisnéis Bhillie Piper agus bhí sí ag déanamh cur síos ar a neamhord itheacháin agus d'aithin Seán go raibh na deacrachtaí céanna aige féin ach go raibh na focail chearta aici air.
Chuaigh Seán go comhairleoirí agus chuig dietitian chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus deir sé gur chabhraigh sin go mór ach go dtógann gach rud am agus nach bhfuil leigheas thar oíche ann d'éinne leis an galar seo.
Molann sé dóibh siúd a bhfuil deacracht acu lena meabhairshláinte mar a bhí aige féin labhairt amach faoi mar chéad chéim.
Tá feabhas mór tagtha ar Sheán ó shin agus deir sé mothaíonn sé go bhfuil sé ar ais ina phearsantacht féin agus é lán le craic agus scéalta.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae.