Ag tosú 18 Samhain ar YouTube & Instagram BLOC TG4
Is fir iad ochtar as gach deichniúr a chuireann lámh ina mbás féin sna 26 chontae. Is féinmharú an bás is coitianta i measc fhir faoi bhun 50 bliain d'aois sna 6 chontae.
Tá fadhb ann go hidirnáisiúnta i dtaobh easpa cúnaimh agus oideachais faoi chúrsaí meabhairshláinte. Tá deacrachtaí móra ann maidir le stiogma agus meabhairshláinte, go mór mór i measc na bhfear. Ní labhraíonn fir faoina gcuid mothúchán. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil rátaí féinmharaithe níos airde i measc fear.
Léirítear meabhairshláinte na bhfear ar bhealach oscailte agus ionraic sa tsraith nua ar líne, 'Istigh Liom Féin'. Déantar an t-ábhar corraitheach seo a chíoradh trí scéalta pearsanta fhir óga éagsúla. I ngach clár, déanfaidh na fir Colm Ó Dubhghaill, Seán Ó Dubhchon, Jonathan Ó hEarcáin agus Cathán Bonner cur síos ar an taithí atá acu féin go pearsanta le cúrsaí meabhairshláinte. Pléifidh siad na fadhbanna a bhí acu féin agus na bealaí a ndeachaigh siad i ngleic leo. Pléifidh siad freisin an ról lárnach atá, agus a bhí, ag comhráite oscailte le cairde, clann nó comhairleoir agus iad ag dul i ngleic lena gcuid fadhbanna féin agus an leigheas atá sa chaint. Labhróidh siad faoin stiogma a bhaineann le meabhairshláinte - nach cúis náire é imní a bheith ort ná a bheith in ísle brí agus an mhaitheas a dhéanann sé duit oscailt suas agus cúnamh a lorg má theastaíonn sé.

Clúdaítear neart téamaí difriúla sa tsraith seo. Déanfar ísle brí, imní, anoireicse agus neamhoird itheacháin, féinmharú, brón agus an gnáthstrus a bhíonn ag brú isteach ar fhir óga a phlé. Labhróidh na fir óga go hoscailte faoina gcuid mothúchán, na hamanna is ísle a bhí acu agus na bealaí a bhfuair siad an ceann is fearr orthu sa tsraith seo. Is léiriú ionraic atá sa tsraith seo ar shaol na bhfear óg seo idir shólás agus dólás. Le linn na sraithe léireoidh na fir óga chomh tábhachtach is atá sé a thuiscint nach bhfuil tú riamh leat féin agus nach bhfuil sé riamh ródhéanach cúnamh a lorg.
Príomhsprioc na sraithe ná tús a chur leis an gcomhrá oscailte ar chúrsaí meabhairshláinte agus misneach a thabhairt do dhuine ar bith atá ag streachailt. Is cuma cé chomh fearúil is atá duine, ná chomh mór is atá sé ag teacht leis an tuiscint atá ag an tsochaí ar céard is fear ann, nó cé chomh foirfe agus atá a shaol mar dhea - beidh tionchar ag an meabhairshláinte air bealach amháin nó bealach eile. Ní thuigfidh tú na deacrachtaí atá ag daoine nó go labhróidh tú leo.