Labhair painéal cainte Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi dheireadh na comhdhála agus ar tháinig as.

D'aontaigh nach mór 200 tír ar chomhaontú chun dul i ngleic le hathrú aeráide tar éis coicís de chainteanna i nGlaschú ach dúirt eolaithe agus gníomhaithe timpeallachta nach leor an margadh chun méadú dainséarach teochta a sheachaint. Pléimid é seo leis an bpainéal.

Cop26

Inniu: Aoife Ní Shúilleabháin (Eagraí le SIPTU), Íte Ní Chionnaith (Saorchraoltóir & Iarléachtóir cumarsáide), Frank Reidy (Iar Cheannfoirt Airm), Darragh Ó Caoimh (Mac léinn dlí & Gaeilge, UCC), Tommy Standún (Tráchtaire san Ostair), Arthur Beesley (Eagarthóir cúrsaí reatha an Irish Times)

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6