skip to main content

Bats, Swans agus an madra rua: Saol an Tréidlia anocht ar RTÉ ONE

Dé Luain, 15 Samhain ar RTÉ ONE ar 7.30pm

Leanann an tsraith seo saol triúr tréidlia Emma, Niamh agus Liam agus iad ag cur cóir leighis ar raon leathan cásanna ainmhithe. An tseachtain seo feicimid Liam agus é I mbun oibre ar ráschúrsa Luimní. Agus tagann saol an dúlra chuig Niamh agus Emma agus iad ag cur cóir leighis ar sciathán leathair, sionnach agus eala.

Sa tsraith teilifíse seo, caithfimid súil ar shaol gnóthach triúr tréidlia éagsúla atá ag obair in iarthar na hÉireann. Feicimid iad ag obair ó lá go lá ina láithreacha oibre i Luimneach agus i gcathair na Gaillimhe. Feicimid iad freisin sa mbaile, nó i mbun spraoi, ach iad i gcónaí ag smaoineamh ar an obair agus ar a gcúram, idir ainmhithe beaga agus ainmhithe móra.

Saol an Tréidlia

Siad Emma, Liam agus Niamh ár dtriúr tréidlia. Bíonn réimse leathan cásanna acu gach uile lá – cuid acu gan choinne,cuid eile a mbíonn brón agus buairt ag baint leo agus cuid eile a chuirfidh gliondar ar chroí gach duine a fheicfeas iad. Sa tsraith seo feicfimid gach cineál ainmhí ón gcapall ráis go dtí an coileán sionnaigh fiáin, ón sciathán leathair go dtí an mada mór St Bernard. Bíonn géarghá le foighid ón dtréadlia – chomh maith le trua agus amannta, féith an ghrinn.

Saol an Tréidlia follows Veterinary surgeons Emma, Niamh and Liam. This week Liam is working at the Limerick races, meanwhile Niamh and Emma are treating injured wildlife animals including a bat, a fox and a swan.

Saol an Tréidlia captures the highs and lows of the busy and never straightforward lives of three West Coast Vets. This four-part observational documentary takes us into the heart of the Limerick and Galway communities the vets look after. We join them at work and at home as they treat patients great and small.

Our three vets Emma, Niamh and Liam deal with a range of unpredictable and emotional cases, taking challenging decisions which impact animals and owners alike. Everything from fox cubs to racehorses, pet rats to Saint Bernards our vets face every challenge with compassion, care and a heap of good humour.

Monday 15th November, 7.30pm ar RTÉ ONE