skip to main content

The beauty and fragility of Dublin Bay portrayed on TG4 tonight

Starting tonight at 9.30, TG4's brand new series, An Cuan, is a year long look at Dublin Bay, one of Europe's busiest ports yet it is also home to one of the most important wildlife conservation projects in the country.

án le beatha, idir fhiadhúlra agus dhaoine, is iomaí dúshlán atá os comhair an chuain, dúshláin nádúrtha agus dúshláin atá cruthaithe ag an duine féin. Déanfar an limistéar uirbeach ar leith seo a scrúdú in 'An Cuan', áit ina n-éiríonn leis an domhan nádúrtha agus leis an duine maireachtáil taobh le chéile in amanna agus nach n-éiríonn leo in amanna eile. Tabharfar an lucht féachana ar aistear sa tsraith seo tríd an gcuid seo de chósta na hÉireann, limistéar a bhfuil an-ghean air, chun léargas nach bhfacthas rómhinic cheana a thabhairt.

Rón i gCuan Bhaile Átha Cliath

Tabharfar ardán d'áilleacht nádúrtha fhiadhúlra na hÉireann sa tsraith An Cuan agus lárionad uirbeach na tíre ag dul ar aghaidh sa chúlra. Is spléachadh siamsúil, fíorspéisiúil agus oideachasúil í an tsraith dhúlra agus thimpeallachta seo ar cheann de na limistéir nádúrtha is iontaí sa tír. Le linn na sraithe casfar pearsanra orainn, idir ainmhithe agus dhaoine, a chuireann fúthu i gCuan Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar mórthimpeall, limistéar ar sampla é den chaoi a bhfuil an duine agus an saol nádúrtha ábalta maireachtáil taobh le chéile, agus gan an dara rogha ann má tá siad chun maireachtáil.

An Cuan, ag tosú anocht, 10 Samhain ag 9.30opm ar TG4