Anocht ag 7.30 ar RTÉ ONE, leanann an tsraith nua Saol an Tréidlia ar RTÉ ONE. Sa chlár seo, beidh muid ag leanacht capaillín a bhfuil alléirge air agus neart eile.
Sa tsraith teilifíse seo, caithfimid súil ar shaol gnóthach triúr tréidlia éagsúla atá ag obair in iarthar na hÉireann. Feicimid iad ag obair ó lá go lá ina láithreacha oibre i Luimneach agus i gcathair na Gaillimhe. Feicimid iad freisin sa mbaile, nó i mbun spraoi, ach iad i gcónaí ag smaoineamh ar an obair agus ar a gcúram, idir ainmhithe beaga agus ainmhithe móra.

Siad Emma, Liam agus Niamh ár dtriúr tréidlia. Bíonn réimse leathan cásanna acu gach uile lá – cuid acu gan choinne, cuid eile a mbíonn brón agus buairt ag baint leo agus cuid eile a chuirfidh gliondar ar chroí gach duine a fheicfeas iad. Sa tsraith seo feicfimid gach cineál ainmhí ón gcapall ráis go dtí an coileán sionnaigh fiáin, ón sciathán leathair go dtí an mada mór St Bernard. Bíonn géarghá le foighid ón dtréadlia – chomh maith le trua agus amannta, féith an ghrinn.
Leanann an tsraith seo saol triúr tréidlia Emma, Niamh agus Liam agus iad ag cur cóir leighis ar raon leathan cásanna ainmhithe. Tá alléirge, is cosúil ar an gcapaillín Buddy agus beidh an Dachsund tinn ag fáil aistriú fola.
Saol an Tréidlia, anocht ar RTÉ ONE ag 7.30