skip to main content

Cuan Bhaile Átha Cliath faoi chaibidil i sraith nua ar TG4

TG4 ó Dé Céadaoin an 10 Samhain ag 9.30pm

Cé go bhfuil beagnach 1.5 milliún duine ina gcónaí le cósta Chuan Bhaile Átha Cliath, agus gur ann atá ceann de na calafoirt is gnóthaí san Eoraip, mar sin féin tá ceann de na tionscadal caomhnaithe fiadhúlra is tábhachtaí sa tír ann chomh maith. 'An Cuan' - sraith ceithre chlár ina dtugtar léargas ar bhliain a caitheadh i gceann de na héiceachórais is aitheanta agus is uathúla in Éirinn - Cuan Bhaile Átha Cliath.

Lán le beatha, idir fhiadhúlra agus dhaoine, is iomaí dúshlán atá os comhair an chuain, dúshláin nádúrtha agus dúshláin atá cruthaithe ag an duine féin. Déanfar an limistéar uirbeach ar leith seo a scrúdú in ‘An Cuan’, áit ina n-éiríonn leis an domhan nádúrtha agus leis an duine maireachtáil taobh le chéile in amanna agus nach n-éiríonn leo in amanna eile. Tabharfar an lucht féachana ar aistear sa tsraith seo tríd an gcuid seo de chósta na hÉireann, limistéar a bhfuil an-ghean air, chun léargas nach bhfacthas rómhinic cheana a thabhairt. Tabharfar ardán d'áilleacht nádúrtha fhiadhúlra na hÉireann sa tsraith An Cuan agus lárionad uirbeach na tíre ag dul ar aghaidh sa chúlra. Is spléachadh siamsúil, fíorspéisiúil agus oideachasúil í an tsraith dhúlra agus thimpeallachta seo ar cheann de na limistéir nádúrtha is iontaí sa tír. Le linn na sraithe casfar pearsanra orainn, idir ainmhithe agus dhaoine, a chuireann fúthu i gCuan Bhaile Átha Cliath agus sa cheantar mórthimpeall, limistéar ar sampla é den chaoi a bhfuil an duine agus an saol nádúrtha ábalta maireachtáil taobh le chéile, agus gan an dara rogha ann má tá siad chun maireachtáil.

Rinneadh an tsraith a scannánú thar thréimhse bliana agus tabharfar léargas ar Chuan Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh an tséasúir i ngach aon cheann den cheithre chlár. Tosaíonn An Cuan san Earrach, clár ina dtabharfar léargas ar an iomaí ainmhí a chuireann fúthu i gCuan Bhaile Átha Cliath, an iomaí saincheist timpeallachta nár mhór aghaidh a thabhairt orthu agus caithfear súil ar mar atá tionscail agus muintir an chuain ag foghlaim mar is féidir cómhaireachtáil leis an bhfiadhúlra. Beifear i dteannta nádúraithe agus gníomhaithe fad a sheasann siad an fód chun éiceachóras leochaileach na príomhchathrach a chothabháil agus fad a ndéanann siad aoibhneas an tsaoil le hais na farraige, suas agus anuas an chósta, a cheiliúradh. Is é Eoin Warner a bheidh i mbun tráchtaireachta ar stíl ghalánta agus bainfear leas as saothair ceoil chorraithigh agus píosaí scannánaíochta iontacha ó thalamh, on aer agus ón bhfarraige sa tsraith; is ceiliúradh atá sa tsraith An Cuan ar áilleacht Chuan Bhaile Átha Cliath ach déantar dúshláin agus contúirtí a bhfuil ar ghnáthóg nádúrtha an limistéir aghaidh a thabhairt orthu a thabhairt chun cuimhne chomh maith.

Ar TG4 ó Dé Céadaoin an 10 Samhain ag 9.30pm