Anocht ar Pheataí ag 7pm ar RTÉ ONE, we take a closer look at some rescue animals. John Ross's Bearded Dragon Licky had numerous owners before he found a forever family, and Ellen offers top tips on diet and husbandry for a healthy, happy lizard.
Groomer Paul makes over the recently surrendered Bowser in the hope of attracting new owners, and Paula helps Cillian get a handle on the boisterous Buster. Meanwhile Ellen is impressed with Rédhla’s management of pony Báinín’s weight issues!
Beidh Tessa Fleming ina Láithreoir ann chun fáilte a chur roimh Gaeilgeoirí agus a bpeataí as na ceithre cúige, agus ina teannta beidh Tréidlia Ellen Hegarty, Grúmaeir Paul Ó Gallachóir agus Iompraí Paula Doohan ag Feirm Ark i mBaile Nua na hArda, Co. an Dúin - áit a mbeidh lear mór cásanna le réiteach ag ár saineolaithe, agus tá siad ag súil go mór le luí isteach ar an obair!
Fad a bheidh an grúmaeir Paul ag tosú ar an obair shalach le Cú Faoil agus madra a tarrtháladh le gairid, beidh tréidlia Ellen ag iarraidh capaillín róthrom Báinín agus gabhar dána Sir Lancelot a láimhseáil! Lena linn sin, beidh roinnt comhairle ag iompraí Paula do chapall rása corrach a cuireadh ar féarach agus cúpla leid maidir le Wee Brí fíochmhar - Sí-abhabha...a cheapann gur leon atá inti! In áit eile, buailfidh Tessa le Goujon, an hamstar ar leathshúil, le Polly, an síodchearc ghalánta, agus le Stormi, an mhuc ghuine mhaol a chuir athrú chun feabhais ar shaol a úinéara, Liath.
Le méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil peata acu le bliain anuas, léireoidh Peataí! gach a bhfuil i gceist, idir aisteach agus iontach, le do shaol a chaitheamh i dteannta ainmhí - na buaicphointí, na hísealphointí, na dúshláin agus ... an troscán coganta?! (Muise, nach coileáin iad?!) Bí cinnte a bheith ag breathnú chun eolas agus comhairle iontach ár saineolaithe a shú isteach maidir le cúram a dhéanamh dár bpeataí muirneacha!
Anocht, breathnaímid níos grinne ar roinnt ainmhithe a tarrtháladh. Bhí go leor úinéirí éagsúla ag Licky, Dragan Féasógach John Ross, sular tháinig sé ar an teaghlach a bheadh aige go brách, agus tugann Ellen roinnt nodanna maidir le haiste bia agus cúram i leith laghairt sona sláintiúil. Cuireann grúmaeir Paul cuma na maitheasa ar Bowser, a tugadh suas le gairid, sa tsúil go meallfadh sé úinéirí nua, agus cuidíonn Paula le Cillian smacht a fháil ar Buster bríomhar. Lena linn sin, téann an chaoi a bhainistíonn Rédhla fadhbanna meáchain an chapaillín Báinín go mór i bhfeidhm ar Ellen!
Peataí, anocht, Dé hAoine ar a 7 ar RTÉ ONE