Underdogs ag tosú ar TG4 Déardaoin 4 Samhain ag 9.30pm
Tá Underdogs, sraith chlúiteach TG4 ar ais agus iad sa tóir ar fhoireann nua peileadóirí mná. Táthar ag iarraidh teacht ar ghrúpa ban atá cumasach, díocasach agus uaillmhianach go leor le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír.
Ar ais ar an taobhlíne beidh an fhoireann bainistíochta mór le rá, iar-chaptaen agus iar-bhainisteoir Chiarraí Mickey Ned O Sullivan agus laoch Ghaoth Dobhair agus iar-pheileadóir le Dún na nGall Caoimhín Ó Casaide. Beidh duine nua in éineacht leo ar an taobhlíne i mbliana, iar-pheileadóir na nDéise Michelle Ryan, a d'imir le Port Láirge le breis agus ocht mbliana déag.
Caithfidh an fhoireann bainistíochta painéal peile a chur le chéile atá sách maith chun aghaidh a thabhairt ar fhoireann idirchontae mór le rá. Ní féidir le peileadóirí a d’imir peil Ghaelach ag leibhéal sóisir, idirmheánach nó sinsir idirchontae craoibhe páirt a ghlacadh.

Tháinig peileadóirí ó cheann ceann na tíre le chéile go bhfeicfidís an raibh siad maith go leor in aghaidh pheileadóirí eile na hÉireann. An bhfuil siad sách maith le háit a fháil ar fhoireann an chontae amach anseo?
Gach seachtain, caithfear peileadóir amháin a roghnú chun campa na Underdogs a fhágáil, mar nach féidir leis an bhfoireann bainistíochta ach 30 imreoir a thabhairt leo chun an cluiche dúshláin a imirt ag deireadh na sraithe i mí na Nollag.
Underdogs ag tosú ar TG4 Déardaoin 4 Samhain ag 9.30pm