Labhair muid le craoltóirí agus léiritheoirí faoi athrú aeráide agus súile an domhain ar COP26 agus a bhfuil ag titim amach ann. Seo láithreoir Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Fachtna Ó Drisceoil.

An gcuireann an méid atá ar eolas againn faoin aeráid eagla ort?

Cuireann sé buairt orm. Tá páistí óga agam agus táim buartha faoin riocht ina bhfuilimid ag fágáil cúrsaí dóibh siúd agus do na glúinte inár ndiaidh. B'fhearr liom gan an focal 'eagla' a úsáid. Táimid ag iarraidh daoine a spreagadh chun gnímh ach ní féidir le daoine faiteacha gníomhú go héifeachtach. Agus ní cóir dúínn éadóchas a chur ar dhaoine. Ba chóir dúinn a bheith buartha, ba chóir dúinn gníomhú, ach níor chóir dúinn eagla a bheith orainn.

An bhfuil athruithe déanta agat i do shaol féin le blianta beaga anuas?

An t-athrú is mó atá déanta agam ná gearradh siar ar an tomhaltóireachas. Tá go leor 'stuiff' i mo shaol. Níl gá agam lena thuilleadh. Caithim mo bhróga go dtí go bhfuil na sálaí caite. Caithim mo jeans go dtí go bhfuil siad ag titim as a chéile. Táimid tar éis gearradh siar beagán ar an bhfeoil. Cheannaigh mé rothar leictreach agus sin mo príomh-mhodh iompair. Mar theaghlach táimid ag rothaíocht agus ag siúl níos mó agus tá an t-ádh linn go bhfuil raon rothar nua scartha ón mbóthar ar an slí go dtí scoil na bpáistí. Ní dheachaigh mé ar saoire ar eitleán le roinnt blianta anuas.

Nuair a thagann sé chuig cláracha raidió, Tús Áite, san áireamh, an ábhar é atá mar thosaíocht agaibh?

Tá tús áite á thabhairt againn don ghéarchéim aeráide ar Tús Áite le blian anuas agus le cúpla mí anuas ach go háirithe. Déanann muid iarracht scéalta aeráide a bheith againn cúpla uair sa tseachtain agus bíonn siad mar an príomhscéal againn uaireanta. Tá an t-ádh linn anois go bhfuil dornán daoine aimsithe againn ar saineolaithe nó gníomhaithe ar an ábhar nó ar ghnéithe den ábhar iad.

Conas is féidir leis na meáin an scéal a chlúdach gan sceon agus faitíos a chur ar dhaoine?

Féach an freagra ar an gcéad cheist! Freisin caithfear díriú ar na smaointe agus na bealaí atá á mholadh agus á fhorbairt chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.