Labhair Áine Ní Ghlinn ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin leabhar nuafhoilsithe, Madame Lazare.
Dúirt Áine gurb é seo an t-úrscéal is fearr a léigh sí i nGaeilge le blianta agus go deimhin go bhfuil sé ar cheann de na úrscéalta is fearr a léi sí in aon teanga le tamaill anuas. Cosúil le go leor againn, rinne Áine go leor léitheoireachta le linn na paindéime agus mar sin, is ardmholadh é seo uaithi.
Leabhar é seo a théann siar sa stair agus a théann i ngleic le rúin, le daonnacht agus le fiosracht an duine. Dúirt Áine gur éirigh le Tadhg na snáithe ar fad a tharraingt le chéile sa scéal mar go raibh taighde cuimsitheach déanta aige ar an ábhar.

Tá Madame Lazare ainmnithe don leabhar is fearr sa chatagóir Love Leabhar Gaeilge ag An Post, Gradaim Leabhar na Bliana.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6