skip to main content

Cé acu an bairín breac is fearr ar an margadh?

Tá séasúr na mbairíní breaca buailte linn agus thug triúr faoi na cinn is deise a bhlaiseadh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is iad Tommy Jim Mac Gearailt, Angela Uí Ghrifín agus Aoife Ní Chíobháin a thug faoin dúshlán deacair seo. Roghnaíodh trí bhairín breac i siopaí áitiúla timpeall Chorca Dhuibhne chun an ceann is fearr a roghnú.

Tugadh cúig leagan éagsúil den bhairín breac do na rannpháirtithe ó bhrandaí éagsúla agus marc as a deich do gach ceann.

Bairín breac

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00