Labhair Seán Ó Lionáird agus Emma Verling ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi na hathruithe ar féidir le feirmeoirí a dhéanamh chun dul i ngleic le hathrú aeráide.

Tá athrú i ndán dúinn. Deir Seán Ó Lionáird go nglacann feirmeoirí le sin ach an cheist atá aige ná cé acu a iompróidh triomlach na n-athruithe sin? Tá sé den tuairim go bhfuil an iomarca den mhilleán maidir le hathrú aeráide á chur ar na feirmeoirí agus gur chóir féachaint ar an gceist seo ar bhealach i bhfad níos leithne m.sh, an tslí go gcaitheann an gnáthdhuine míúsáid as na acmhainní atá acu.

'Ní féidir leat faic a fháil ar faic sa saol seo. Caithfidh tú fuinneamh a chaitheamh chun fuinneamh a fháil amach', a deir Seán maidir le hathruithe talmhaíochta.

Athrú aeráide

Aontaíonn Emma le Seán agus deir sé go bhfuil sé in am againn ar fad glacadh leis an bhfadhb atá cruthaithe againn ar fad. 'Ní pota gan aon bhun é an domhan' arsa Emma agus deir sí go gcaithfidh muid éirí as an meon seo atá againn ag méadú le gach aon rud.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00