An tSlí | Dé Máirt 26 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain | 7pm | RTÉ One

Turas le Mary Kennedy ar Camino na hÉireann, Slí Náisiúnta an Ghorta Mhóir, atá sa tsraith An tSlí - aistear atá lán le mothúcháin chomh maith leis an stair, an tíreolaíocht, an ceol agus athchruthú drámatúil.

Tá Slí Náisiúnta an Ghorta Mhóir bunaithe ar an turas a rinne 1490 duine as Eastát Pháirc Bhéal na mBuillí go Baile Átha Cliath faoi chúram báille, agus as sin ar longa go Québec i gCeanada in 1847. Leanann Mary Kennedy lorg na dtionóntaí seo as Béal na mBuillí i Ros Comáin, agus ar aghaidh ar bhruach na Canálach Ríoga, trí Longfort, tríd an Iarmhí, an Mhí, Cill Dara agus isteach chuig an bpríomhchathair.

Tosaíonn Mary i dTeach Pháirc Bhéal na mBuillí, ag éisteacht le scéalta Jim Callery, a cheannaigh an t-eastát i 1979 lena chomhlacht. D'aimsigh sé cáipéisí a bhain lena cheantar dúchais féin le linn an Ghorta agus sin a spreag é scéalta na dtionóntaí a chaomhnú.

Tugann Mary faoina turas ar Shlí Náisiúnta an Ghorta Mhóir le hiníon Jim, Caroilin, agus le Cathal Póirtéir, a scríobhann ar ábhar an ghorta. Buaileann siad le ceoltóirí, le healaíontóirí agus le neart daoine eile ar an mbealach, Tom Sullivan, stiúrthóir agus scríbhneoir "Arracht" san áireamh.

Bhuail Mary le Bríd Bannon ar an mbealach. Is as Conamara do Bhríd ach tá sí ina cónaí i Longfort leis na blianta anois. Caitheann sí go leor ama taobh canála, ag siúl agus ag rothaíocht, agus is minic a smaoiníonn sí ar na daoine a shiúil an bealach sin in 1847. Seo blúirín do rte.ie/gaeilge den chomhrá sin.

An tSlí | Dé Máirt 26 Deireadh Fómhair agus 2 Samhain | 7pm | RTÉ One