skip to main content

Misneach - scéal Louise Bayliss anocht ar TG4

Anocht, Dé Céadaoin, 20 Deireadh Fómhair, 9.30pm ar TG4

Áit uaigneach í Éire don sceithire, agus is mar sin a bhí sé riamh. Go stairiúil, bhíodh fulaingt i ndán dóibhsean a sheasfadh suas agus a labhródh amach, mar gheall ar a nochtuithe. Tá sé d'aidhm leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaint a thabhairt dóibhsean a labhraíonn amach.

Ach céard fúthu sin a labhair amach sula raibh cosaint dá leithéid ann?

I mí na Nollag 2011, bhí Louise Bayliss, máthair shingil a bhfuil beirt leanaí aici as Baile Átha Cliath, ag obair ina hionadaí d'othair in ospidéil shíciatracha éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath. Bhí Louise díreach tar éis Máistreacht a bhaint amach sa Staidéar Comhionannais in UCD agus bhí an ghairm beatha a bhí riamh uaithi aici anois le Líonra Abhcóideachta na hÉireann.

Thug Louise cuairt ar Ospidéal Naomh Breandán i nGráinseach Ghormáin díreach roimh an Nollaig. D'ardaigh an chuairt a croí, bhí bís ar na hothair agus iad ag fáil faoi réir d'aimsir na Nollag agus ba gheall le teaghlach iad dar le Louise.

Dúirt an fhoireann le Louise ansin go mbeadh na hothair mná i mBarda oscailte 3B, nach raibh ach mionchúrsaí sláinte meabhraí ag dul don chuid is mó acu, á gcur chuig an 'aonad faoi ghlas' do thréimhse na Nollag de bharr fadhbanna le soláthar foirne.

Thug Louise cuairt ansin ar an aonad faoi ghlas, Aonad O, chun an áit a mbeadh na hothair ag cur fúthu a feiceáil di féin. Chuir na cúinsí maireachtála ann uafás uirthi. Bhí sé i gceist leapacha breise a chur in áit nach raibh a ndóthain spáis ann mar a bhí, taisceadáin phearsanta na n-othar a bhí ann a thógáil amach, an t-aon spás pearsanta a bhí acu, chun áit a dhéanamh do níos mó othar don tréimhse idir dhá Nollaig.

Rinne sí a seacht míle dícheall an cinneadh seo a athrú ach thuig sí nach raibh dada a d'fhéadfaí a dhéanamh in am chun an t-aistriú a stopadh. Tuismitheoir aonair ab ea í agus ní fhéadfadh sí a post ná a hioncam a chailleadh. Mar sin féin, ní raibh an dara rogha aici dar léi ach an scéal a nochtadh.

An mhaidin dár gcionn, i ndiaidh di páirt a ghlacadh in agóid taobh amuigh den Dáil i gcoinne laghduithe díobhálacha ar an Liúntas Tuismitheora Aonair a leagadh amach i mBuiséad na mbliana 2012, labhair Louise le Joe Duffy ar a chlár raidió Liveline. Rinne sí cur síos ar an méid a fuair sí amach an lá roimhe maidir leis an gcaoi a rabhthas ag caitheamh le hothair leochaileacha mná in Ospidéal Naomh Breandán.

Tháinig athrú ar a saol as sin amach de bharr an méid a dúirt sí, bhí a gairm agus sláine airgeadais a teaghlaigh i mbaol.

Bhí scéal Louise go mór sna ceannlínte sna seachtainí ina dhiaidh sin ach ní do na cúiseanna a mba chóir dó bheith. Aistríodh na hothair mná, tugadh bata agus bóthar dise agus cuireadh ar chonradh oiliúna í agus diúltaíodh cead isteach in ospidéil shíciatracha an HSE di.

Craolfar Misneach – Louise Bayliss Dé Céadaoin an 20 Deireadh Fómhair ag 9.30pm ar TG4