Labhair Fachtna Ó Drisceoil lena phainéal ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin gcomhdháil atá ag teacht aníos le beartais aeráide a dheimhniú don todhchaí
Dúirt Aonghus Ó hAlmháin go bhfuil an chaint uilig faoi athrú aeráide 'sa chúlra', ach nach bhfuil sé ina thosaíocht ag mórán daoine, dáiríre. Dár leis, dá mbeadh athrú aeráide ina thosaíocht ag tíortha, bheadh torthaí éagsúla ar thoghcháin trasna na hEorpa.
D'admhaigh sé go raibh 'beagáinín éadóchasach', mar gheall ar an easpa gnímh atá déanta chun aghaidh a thabairt ar 'an tubaiste atá teacht'. Cé go bhfuil méadú mór tagtha ar fheasacht an phobail faoin aeráid, deir Aonghus nach bhfeiceann sé gníomh ag eascairt as an bhfeasacht sin.
Deir Aonghus gur botún é a bheith ag brath ar fheasacht an phobail leis na hathruithe a dhéanamh ar leas an domhain. Tá freagracht níos mó ar na hollchomhlachtaí atá ag déanamh brabúis, a dúirt sé. brú sóisialta

Dúirt Déaglan de Bréadún nach bhfuil go leor oideachais ar an bpobal faoin athrú aeráide agus go bhfuil an spotsholas ar fad glactha ag an bpaindéim le roinnt blianta anuas.
D'aontaigh Grace le hAonghus nach bhfuil an t-athrú aeráide ar an gcloch is mó ar pháidrín na ndaoine ach go mbíonn corralt anseo agus ansiúd agus go bhfuil sé fós sa chúlra d'fhormhór na ndaoine.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine óna 5 go 6