Labhair Gabriel Mac Muiris le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhfile Brendan Kennelly bás inné.
Duine faoi leith a bhí in Brendan Kennelly, a dúirt a chara, Gabriel. Mhúscail sé spéis agus cion sa bhfiliocht i measc na ndaoine agus thug sé le tuiscint gur bhain an fhilíocht leis gach éinne.
Ollamh le Béarla i gColáiste na Tríonóide, chomh maith le file a bhí in Kennelly, rud a thaitin go mór leis chomh maith le bheith i mbun pinn.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Luaigh Gabriel go raibh gean ag muintir na hÉireann ar fhilíocht Bhrendan mar gur thug sé misneach dóibh nuair a bhí gá leis. Fealsúnaí, fáidh agus file a thug sé ar a chara, a bhí spioradálta, domhain.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine ón 12.08-1.00