skip to main content

'Duine a chum filíocht ar a cuid téarmaí féin'

Labhair Ailbhe Ní Ghearbhuigh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi oidhreacht agus faoi thábhacht Mháire Mhac an tSaoi.

Ceannródaí ab ea Máire Mhac an tSaoi, dár le hAilbhe, 'duine a chum filíocht ar a cuid téarmaí féin, beag beann ar aon duine eile'. Cé go raibh sí coimeádach le foirmle na ndánta agus gur chloígh sí go docht lena canúint, deir Ailbhe nach raibh faitíos ar bith uirthi aghaidh a thabhairt ar ábhair chonspóideacha nár pléadh i nGaeilge nó i mBéarla ag an am.

Dúirt Ailbhe gur éirigh léi éalú ón gcinsireacht mar gur i nGaeilge a bhí sí ag cumadh a cuid filíochta, cé gur scríobhsí faoi dhúil, faoi chollaíocht na mban agus faoi mháithreachas.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Rinne Ailbhe cur síos ar na cleasanna filíochta a d'úsáid Máire Mhac an tSaoi chun í féin a chur in iúl. Mar shampla, Máire Ní Ógáin chomh maith le carachtair ón mbéaloideas.

Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00