Labhair Peadar Ó Riada faoina chara ceolmhar, Tony Mac Mahon, a cailleadh an tseachtain seo caite agus faoina bhfuil fágtha ina dhiaidh aige, mar oidhreacht ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Craoltóir, ceoltóir as Contae an Chláir ab ea Tony Mac Mahon a chaith blianta ag obair in RTÉ. Labhair sé go hionraic faoina shláinte féin agus an tslí a chabhraigh an ceol leis. Deir sé gur tábhachtaí 'an rud atá ag tarlú idir na nótaí agus faoi bhun na nótaí', seachas an ceol.

Labhair Cathal Ó Cuaig, stiúrthóir an scannán Slán leis an gCeol faoi shaol agus shaothar Tony Mac Mahon ar Iris Aniar

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Éist leis an An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00