Scríobhann Sorcha Ní Riada ar a hathair, Seán Ó Riada, cumadóir cheol clasaiceach,fear Gaeltachta agus ceannródaí cultúir.

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil sé leath chéad bliain ó shin ó cailleadh m'athair Sean Ó Riada. Ní raibh sé ach dhá scór nuair a cailleadh é i bhfad níos óige ná mar atáimse anois!

Ceann dos na rudaí is mó a théann i bhfeidhm orm agus mé a féachaint siar ar a shaol ná gur éirigh leis an oiread sin a bhaint amach laistigh de thréimhse ana ghairid. Bhí sé pósta agus céim sa cheol bainte amach aige i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoin am a bhí sé fiche h-aon. Cúig bliana níos déanaí a scríg sé a chéad mhór obair chlasaiceach Hercules Dux Ferrariae Nomos Uimh 1. Fén am sin bhí sé éirithe as a phost mar Stiúrthóir Ceoil do RTE agus bhí sé ag obair ar chúrsaí ceoil in Amharclann an Abbey in ionad. Níl aon dabht ach gur athróidh ó bhonn an saghas saol a bheadh ag a chlann nuair a dhéin sé féin agus mó mháthair Ruth cinneadh bogadh le cónaí sa Ghaeltacht.

Ach cinneadh é sin a chuaigh i bhfeidhm ní orainne amháin mar theaghlach ach ar go leor eile timpeall na tíre mar gur léiriú a bhí ann ar an obair agus suim a chuir Seán sa cheol agus sa saol gaelach. Suim a lean an chuid eile dá shaol agus a spreag é le h-iompú ar a gceol dúchasach go h-iomlán agus iarracht a dhéanamh a léiriú do mhuintir na tíre an seod luachmhar a bhí ar leic an dorais acu. Dhéin sé seo trí an cóiriú clasach a dhéin sé ar na sean foinn traidisiúnta go h-áirithe sa cheol scannán do Mise Eire agus Saoirse níos déanaí, tríd an grúpa ceoil Ceoltoirí Chualainn agus na cláracha Raidió, Fleadh Ceoil an Raidió agus Our Musical Heritage. Scríg sé drámaí, d’oibrigh sé leis an damhsóir cáiliúil Joan Denise Moriarty le ceol a chuir in oiriúint do dhamhsa baile bunaithe ar an Playboy of the Western World, scríg sé ceol eaglasta traidisiúnta le bunú cór Chúil Aodha agus do scríg sé ceol eaglasta claisiceach chomh maith maraon le lúibíní agus agallamh beirte don Oireachtas i dteannta Mhuintir Chuil Aodha.

Éist le Clann Uí Riada ag caint fhaoi Sheán agus Ruth, a dtuismitheoirí ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Agus in ainneoin an obair san ar fad chuir sé suim sa litríocht agus chuaigh i bhfeidhm go mór ar filí a linne. Bhí suim aige i dteangacha, in iascaireacht, lámhachadh agus i mbádóireacht le sean Galway Hooker faighte aige go gairid sara fuair sé bás. Bhí tréimhse caite aige leis ag scannaíocht agus comhlacht Draoin Films bunaithe aige i gCuil Aodha agus é mar aidhm aige tabhairt fé go gairmiúil sara cailleadh é. Sé bliana níos déanaí cailleadh mo mháthair Ruth agus b’shin deireadh le m’óige.

Táimid ana mhórálach as mar theaghlach ach is minic go gcaoimhním go mbeinnse sásta na buanna a bhí aige a mhalartú láithreach bonn da gciallódh sé go mbeadh cúpla bliain sa mbreis faighte aige inár dteannta. É sin ráite táim buíoch gur dhéin sé an cinneadh bogadh le cónaí sa Ghaeltacht agus go bhfuil an teanga agus an cultúr go smior ionainn ar fad.