Fógraíodh buaiteoirí Ghradaim Liteartha an Oireachtais inniu ag ócáid a reachtáladh ar líne. Trí mhórchatagóir a bhí ann i mbliana, Gradam de Bhaldraithe, Gradam Réics Carló agus Gradam Uí Shúilleabháin.
Gradam de Bhaldraithe: Taisce Raga Rua- aistriúchán ón bhFraincís a rinne Gabriel Rosenstock ar an scéal
Bronnadh Gradam de Bhaldraithe ar Dalen Éireann don saothar TAISCE RAGA RUA aistriúchán ón bhFraincis a rinne Gabriel Rosenstock ar an scéal Le Trésor de Rackham le Rouge le Hergé.
— Foras na Gaeilge (@ForasnaGaeilge) October 5, 2021
Comhghairdeas leo!⭐@OirnaGaeilge @daleneireann #LoveLeabharGaeilge #IrishBooks #LeabharanLae pic.twitter.com/h4T6nyN6z6
Éist anseo le Doireann Ní Ghríofa agus Alan Titley ag caint faoin leabhar Madame Lazare a scríobh Tadhg Mac Dhonnagáin a ainmníodh do Ghradam Uí Shúilleabháin i mbliana.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Gradam Réics Carló: Cluasa Capaill ar an Rí le Bridget Bhreathnach
Is ar an Teach Foilsitheoireachta, Futa Fata, a bronnadh Gradam Réics Carló ar son an tsaothair, CLUASA CAPAILL AR AN RÍ le Bridget Bhreathnach & a mhaisigh Shona Shirley Macdonald.
— Foras na Gaeilge (@ForasnaGaeilge) October 5, 2021
Comhghairdeas mór leo ⭐ @OirnaGaeilge @futafata #LoveLeabharGaeilge #IrishBooks #LeabharanLae pic.twitter.com/BvSMD0881h
Gradam Uí Shúilleabháin: Aisteoirí Ghaoth Dobhair le Noel Ó Gallchóir
Is ar leabhar féinfhoilsithe, AISTEOIRÍ GHAOTH DOBHAIR 1931-1981, le Noel Ó Gallchóir a bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ag ócáid na Gradaim Foilsitheoireachta 2021!
— Foras na Gaeilge (@ForasnaGaeilge) October 5, 2021
Comhgairdeas! @OirnaGaeilge @Amharclann_GD ⭐#LoveLeabhairGaeilge #IrishBooks #LeabharanLae pic.twitter.com/BWdUSUuh9l