Labhair Gearóid Ó Móráin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an séasúr gairid ach tairbheach a bhí acu i mbliana.

Dúirt Gearóid go raibh difear mór ann i mbliana mar nach raibh na Meirceánaigh ann agus go bhfuil sé de nós ag Éireannaigh fanacht go dtí an nóiméad deireanach chun turasanna a chur in áirithe.

D'oscail an séasúr mall i mbliana, ag tús mhí Iúil agus cé go raibh sé ciúin ag an tús, tháinig neart daoine ar cuairt le linn an tséasúir. Molann Gearóid dóibh siúd ar mhaith leo cuairt a thabhairt ar an oileán i mbliana na háiteanna a chur in áirithe roimh ré, mar a dhéanann na Meirceánaigh!

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00