skip to main content

Why are we so obsessed with the Royals? GAFA anocht ar RTÉ ONE

Anocht ar RTÉ One ag 7pm, féachann GAFA ar an tsuim mhór atá ag muintir na hÉireann sa teaghlach ríoga, cé nach maith linn é a adhmháil!

Cé go bhfuil stair pholaitiúil agus chultúrtha againn atá an-chasta, tá suim mhór ag muintir na hÉireann i siombail mhór impireacht na Breataine, an chlann ríoga. Táimid gafa leis na breitheanna, na básanna agus na póstaí, agus ar ndóigh, na scannail ar fad.

Féachaimid siar ar an gcartlann in Gafa leis na Royals ar na cuairteanna ríoga go hÉirinn agus déanaimid iniúchadh ar an gcaidreamh casta atá againn leis an gclann ríoga.

GAFA, anocht, Dé Máirt 7pm ar RTÉ ONE