skip to main content

GAFA leis an aimsir anocht ar RTÉ One

Anocht, Dé Máirt ar a 7 ar RTÉ One

Ní féidir é a shéanadh, táimid gafa leis an aimsir in Éirinn. Bíonn muid ag caint fúithi an t-am ar fad; bainimid leas as piseoga agus as an nádúr leis an aimsir a thuar; bímid ag gearán nuair atá sé rófhuar, rófhliuch nó róthe; agus tá réamhaisnéisneoirí faoi leith a bhfuil cion againn orthu.

Sa chlár seo, caithimid súil éadrom ar an gcaidreamh atá againn leis an aimsir, is aoibhinn linn í nóiméad amháin, an chéad nóiméad eile, is fuath linn í. Ó ghabhair agus madraí go fir an phoist ag déanamh tuar ar an aimsir, go tréimhsí fuara agus ganntanas arán, agus triomach maith, go Teresa Mannion ag impí orainn gan dul amach ar an mbóthar, smaoinímid ar na cuimhní sin ar fad agus gach a bhaineann le haimsir na hÉireann le fonn gáire.

GAFA, anocht, Dé Máirt ar 7 ar RTÉ ONE.