skip to main content

Jeaicí Mac Gearailt ag dul ar scor ó RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Jeaicí Mac Gearailt, ó fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall, ag éirí as a chuid oibre leis an tseirbhís Déardaoin tar éis os cionn tríocha bliain a chaitheamh ann.

Is as an mBóthar Buí i gCorca Dhuibhne do Jeaicí, agus thosaigh sé ag obair le Raidió na Gaeltachta ar dtús sa bhliain 1988.Tá sé aitheanta leis an tseirbhís nuachta, áit a bhfuil sé ag obair le fiche bliain nó mar sin anois, ach d'oibrigh sé i rannóga eile an tí freisin, spórt go mór mhór, sna blianta roimhe sin.

Ba é Aogán Ó Muircheartaigh a bhí ina Bhainisteoir Réigiúin nuair a thosaigh Jeaicí, agus bhíodh sé ag obair ar chláracha do pháistí agus leis na fógraí agus a leithéid i dtús aimsire. Ansin tar éis píosa, thosaigh sé ag obair i gcúrsaí spóirt, rud a raibh suim aige ariamh ann agus go raibh sé go mór ar a chompord leis.

Bhí an-scil aige i gcúrsaí peile, bhí sé féin in chaptaen ar An Ghaeltacht agus ina chaptaen ar an bhfoireann a thug leo Comórtas Peile na Gaeltachta sa Daingean sa bhliain 1978, ach faraor de bharr gortaithe b’éigean do Jeaicí éirí as an bpeil in aois 22 bliain dó.

Bhí sé croíbhriste ar dtús ag fágáil cúrsaí spóirt ina dhiaidh nuair a thosaigh sé sa seomra nuachta, ach ba dúshlán nua a bhí ann agus thaitin sé leis.Bhí sé i mbéal an phobail gach lá, agus thuig sé go maith an tábhacht agus an stádas a bhí ag an seomra nuachta, agus gur chuir an pobal muinín iomlán san eolas a chuirtí amach, agus an dualgas a bhí ag dul leis sin dá réir.Ar an obair uilig a bhí i gceist le cúrsaí nuachta, thaitneodh sé le Jeaicí go háirithe a bheith ag freastal ar chruinnithe comhairle contae, agus ag déanamh staidéir ar na carachtairí uilig ansin agus ag cur aithne orthu.Thaitin toghcháin leis freisin, agus bhíodh tóir ar a chuid anailíse i gcónaí, agus é cruinn, beacht lena chuid tuartha.

"Bhíodh aithne mhaith agat ar na daoine a bheadh i gceist go minic, agus bheifeá ag iarraidh a bheith díreach agus cruinn, agus gan a bheith claonta, ach a bheith tuisceanach ag an am gcéanna".

Tá neart cuimhní ag Jeaicí ar a chuid blianta sa Raidió, cuid acu go maith, cuid acu a bhain le droch-laethanta. Cuimhníonn sé ar an tragóid a bhuail foireann an Raidió sa bhliain 1991 nuair a cailleadh Diarmuidín Ó Súilleabháin i dtionóisc bhóthair. Iarradh ar Jeaicí An Saol ó Dheas a chur i láthair ar an Mháirt dár gcionn, clár ómóis do Dhiarmuidín.Is cuimhin leis go maith é, agus chomh deacair is a bhí sé, "bhí sé diamhair".

Ar cheann de na cuimhní is fearr atá aige ar a sheal le RnaG, tá an clár a rinne sé le laoch peile Chiarraí Mick O’Connell ag tús na mílaoise.

"Bhí sé ar nós Messi domsa, agus ní dhearúdfaidh mé go deo é.Ní mór na hagallaimh a rinne Mick, agus bhí an t-ádh liom go bhfuaireas deis labhairt leis."

Agus é ag críochnú leis an tseirbhís Déardaoin, dúirt Jeaicí:

"Sé mo choileach a ghlaoigh ach a bhfuaireas deis ábhar oibre a dhéanamh gan choinne le RTÉ Raidió na Gaeltachta fadó fadó.N’ fhaca lá bocht ó shin ó thaobh cainte, comhrá agus ceoil, comhluadar agus cuileachta do.Táim go mór fé chomaoin acu seo a thug an deis dom an chéad lá, agus a chonaic nó a d’aithin rud éigin ionam ná raibh a fhios agam a bhí ann nó a bhí i bhfad isteach ionam, b’fhéidir … Tá súil agam gur féidir leo seo a rá inniu go bhfuaireadar luach a gcuid airgid… Domsa, sé Raidió na Gaeltachta croílár mo shaoil, gura fada buan éagus iad siúd ar fad a bhí, atá agus a bheidh bainteach leis go deo."

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences