Dé Domhnaigh ag 9.30pm ar TG4, is é an ceoltóir bodhráin as Baile Átha Cliath Kevin Conneff a bheidh faoi chaibidil ar 'Sé Mo Laoch.
Beidh aithne ag lucht an cheoil thraidisiúnta ar Kevin Conneff, amhránaí agus ceoltóir bodhráin as Baile Átha Cliath. É ar dhuine de bhanna aitheanta The Chieftains agus ar dhuine de bhunaitheoirí The Tradition Club i dteach ósta Slattery sna 70idí.

Tá greim ag Kevin Conneff ar an gceol traidisiúnta nach bhfuil ag aon duine eile. Clár pearsanta ar leith an clár seo ina gcaitear súil ar shaol agus ar cheol Kevin agus i measc na n-aíonna ina theannta beidh Mary Bergin, Matt Molloy, Tony Byrne, Joe McKenna, Ella Conneff, Doireann Ní Bhriain, John Banville, Gay McKeon & Tara Breen.
'Sé Mo Laoch, 9.30pm ar TG4, Dé Domhnaigh.