skip to main content

Foscadh- Scannán Gaeilge roghnaithe d'iontráil do na Oscars

D'fhogair IFTA inniu gur Foscadh, scannán lán-Ghaeilge ó scéim Cine4, compháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus BAI atá roghnaithe don phríomhscannán idirnáisiúnta is fearr ag na Oscars.

Is é seo an dara bliain as a chéile go bhfuil scannán Gaeilge de chuid Cine4 roghnaithe ag IFTA. Roghnaíodh an scannán Arracht anuraidh.

Comhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI) é 'Cine4' chun fadscannáin Ghaeilge bhunaidh a fhorbairt.

Magamedia a léirigh an scannán agus tá sé bunaithe ar an leabhar 'The Thing About December' le Donal Ryan. Is é seo an tríú scannán a chuir Cine4 i láthair, i ndiaidh Finky (2019) agus Arracht (2020).

Suite i sléibhte fíoráille fiáine Chonamara Thuaidh, is scéal é Foscadh a bhaineann le teacht in aois a raibh moill air, agus is cinnte go mbeidh an lucht féachana uilig taobh thiar den laoch mí-ámharach mar a nglacann sé a chéad chéimeanna faiteacha thar thairseach na haosachta.

Is é Seán Breathnach a scríobh agus a stiúir Foscadh, atá bunaithe ar charachtair ón leabhar The Thing About December leis an úrscéalaí Donal Ryan, a bhfuil go leor gradam buaite aige. Scéal John Cunliffe atá ann, díthreabhach saonta a bhrúitear in aois fir gan choinne nuair nach raibh ach 28 bliain slánaithe aige. Nuair a bhásaíonn a thuismitheoirí róchosantach, fágtar talamh sléibhe ag John bocht nach bhfuil cara aige, talamh atá sa bhealach ar fhorbraíocht bhrabúsach feirme gaoithe, agus níl an dara rogha aige ach dul i ngleic le cora agus castaí na hiontaoibhe, an díoltais, agus an rómáns den chéad uair.Rinneadh taifeadadh ar an fadscannán 90 nóiméad seo i gCorr na Móna i gContae na Gaillimhe agus tá páirt ag Dónall Ó Héalaí (Arracht), Fionnuala Flaherty (Out of Innocence) agus Cillian Ó Gairbhí (Blood) ann, arna léiriú ag Paddy Hayes (Corp + Anam).

Arracht a roghnaíodh anuraidh

Taispeánadh Foscadh den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Bronnadh an gradam ‘An Chéad Ghnéscannán is Fearr’ ar an scannán ag Gradaim na Féile.

Ba é Paddy Hayes (Cumar: A Galway Rhapsody) a léirigh Foscadh. Ainmníodh athair Phaddy, Tom Hayes do Oscar® caoga bliain ó shin i 1961 don chlár faisnéise Cradle of Genius.

Roghnaigh Coiste Roghnúcháin IFTA 2022 an scannán, lena n-áirítear an Stiúrthóir Aisling Walsh (Maudie; Elizabeth is Missing, Song for a Raggy Boy), an t-aisteoir Owen McDonnell, (Killing Eve; An Klondike; Paula), Cineamatagrafaí Kate McCullough (Normal People; Arracht; Phil Lynott: Songs for While I’m Away), an léiritheoir Martina Niland (Sing Street; Once; Float Like a Butterfly), an t-aisteoir Fionnula Flanagan (The Guard; The Others; Waking Ned Devine) agus Paul Young, Ard-Stiúrthóir an chomhlachta beochana Cartoon Saloon a bhí ainmnithe cúig huaire do Oscar® (Wolfwalkers; Song of the Sea, The Breadwinner). Bhí Príomhfheidhmeannach an Acadaimh ina cathaoirleach ar an gCoiste roghnúcháin.